Tá an phoistphoiblí tiomanta do bheith ina heagraíocht thrédhearcach agus fhreagrach, ina bhfuil socruithe monatóireachta feidhmíochta agus bainistíochta i bhfeidhm chun díriú ar bharr feabhais a chur chun cinn i réimse an tsoláthair seirbhíse. Bíonn sé mar aidhm againn a bheith oscailte, ionraic, freagrach agus trédhearcach maidir leis na cinntí a dhéanann muid agus na seirbhísí a chuireann muid ar fáil, agus lorgóidh muid aiseolas ó gach grúpa custaiméirí agus bainfidh muid úsáid as chun feabhas a chur ar ár soláthar seirbhíse.
Frith-Éilliú
Geallann muid go poiblí go nglacfaidh muid seasamh neamhfhulaingthe i dtaca le breabaireacht agus le héilliú mar phríomhghné de dhearbhú ár gcaighdeán eitice dár n-iarrthóirí agus dár gcliaint, dár mbaill foirne, dár nAire (an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe), dár soláthraithe seirbhíse agus don phobal. Cuireann cultúr eagraíochta inmheánach ina bhfuil an t-ionracas chun tosaigh leis seo, ag cloí le polasaí i dtaca le calaois agus le héilliú a chosc agus a láimhseáil.
Ráiteas na phoistphoiblí i gcoinne na Calaoise agus na Breabaireachta
Tá rialacháin, polasaithe agus gnáthnósanna imeachta airgeadais i bhfeidhm againn i dtaca le gach idirbheart airgeadais. Ní mór do bhaill foirne ag leibhéal an Phríomhoifigigh (agus níos airde) agus dár gCuntasóir ceistneoir bliantúil a líonadh amach chomh maith faoi na córais rialaithe inmheánacha atá i bhfeidhm ina réimsí mar chuid d’athbhreithniú bliantúil ar Rialú Inmheánach. Ina dhiaidh sin, déanann an Bord Bainistíochta, Bord na phoistphoiblí agus an Coiste Iniúchta athbhreithniú ar an Tuairisc maidir leis an Athbhreithniú ar an Rialú Inmheánach. Cuirtear plean gnímh i bhfeidhm chun dul i ngleic le haon cheist a thagann chun cinn. Luaitear aon laigí i dtaca leis an rialú inmheánach san eagraíocht sa Ráiteas maidir le Rialú Inmheánach gach bliain, agus foilsítear an Ráiteas seo laistigh de na Ráitis Airgeadais.
Monatóireacht ar an Éilliú agus ar an mBreabaireacht
Tá próiseas i bhfeidhm chun iniúchadh a dhéanamh ar aon chalaois nó iompar mí-eiticiúil amhrasta. Tá sé de pholasaí againn iniúchadh inmheánach a dhéanamh ar aon chalaois agus mhírialtacht amhrasta, cuirtear próiseas smachta Aonad na nDaoine agus an Chultúir i bhfeidhm agus tuairiscítear aon chalaois agus mhírialtacht amhrasta don Gharda Síochána chun gur féidir leo tuilleadh iniúchta a dhéanamh.
Athbhreithniú Inmheánach
Faoi láthair, cuireann Mazars feidhm an Iniúchta Inmheánaigh ar fáil ar son na heagraíochta. Ceadaíonn an Coiste Iniúchta an Plean Iniúchta Straitéiseach, bunaithe ar aiseolas ó fheidhmeannaigh shinsearacha agus ón nGrúpa Bainistíochta Riosca.
Polasaithe agus Modhanna Oibre
Tá na Polasaithe agus na Nósanna Imeachta seo a leanas san áireamh:
Cód Cleachtais do Bhord na phoistphoiblí
An Cód um Eitic Chorparáideach
Treoirlínte don phoistphoiblí i dtaca le Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse
An Polasaí i dtaca le Calaois agus Frith-Éilliú
Ráiteas i dtaca le Cosaint Leanaí
Trédhearcacht Airgeadais
Ráitis Airgeadais
Déanann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh neamhspleách ar ár ráitis airgeadais bhliantúla. Tá na cuntais a bhfuil iniúchadh déanta orthu ar fáil ar: Cuntais Leithreasa - Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Tá tuairisc mhionsonraithe rialachais inár dTuarascálacha Bliantúla ina bhfuil eolas faoi na cruinnithe ar ar fhreastail Baill an Bhoird. Ina theannta sin, leagtar amach na príomhcheisteanna rialaithe don eagraíocht go beacht sa Ráiteas i dtaca le Rialú Inmheánach.
Tá ráitis airgeadais ar fáil i ngach Tuarascáil Bhliantúil de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí ar: https://www.publicjobs.ie/ga/foilseachain
BBuiséid agus Plé ar Bhuiséid
Déantar feidhmíocht bhuiséadach leanúnach a nuashonrú agus a chur in iúl don Bhord agus foilsítear achoimre i miontuairiscí an Bhoird. Tá na miontuairiscí ar fáil ar Foilseacháin | publicjobs.ie
Achoimre ar an Tuairisc i dtaca le Dearbhú Cáilíochta
Ullmhaíonn an eagraíocht tuairisc i dtaca le dearbhú cáilíochta gach bliain agus pléann an Bord Bainistíochta í. Is athbhreithniú ar gach réimse caiteachais atá i gceist, a chlúdaíonn caiteachas reatha agus caiteachas caipitil araon agus rialú agus tuairisciú an chaiteachais sin. Tá achoimre ar an tuairisc seo don bhliain 2022 ar fáil
Diúscairt Sócmhainní
Déanann an tAonad Airgeadais athbhreithniú agus bainistíocht ar gach sócmhainn a chuirtear de láimh le cead ón mBord Bainistíochta.
Soláthar agus Conarthaí
I Nósanna Imeachta na heagraíochta i dtaca le Soláthar tá na prionsabail a rialaíonn soláthar san eagraíocht san áireamh. Deirtear an méid seo a leanas sna Nósanna: “tá sé fíorthábhachtach go ndéantar soláthar ar bhealach ionraic, cothrom agus ar bhealach a chinntíonn an luach ar airgead is fearr i gcónaí. Ba chóir próiseas iomaíoch a chur ar siúl ar bhealach oscailte, neamhchlaonta agus trédhearcach a chinnteoidh an luach ar airgead is fearr. Tagann sé seo le Treoracha an AE i dtaca le soláthar poiblí. Ba chóir díriú ar an príomhghnéithe seo a leanas agus feidhmeanna soláthair á gcomhlíonadh; frith-leithcheal, caitheamh le daoine ar bhealach cothrom, trédhearcacht, comhaitheantas, comhréireacht, saoirse chun seirbhís a sholáthar agus saoirse bhunaithe. Tá dualgais dlí ar fhorais phoiblí faoi na Treoracha agus iad ag fógairt agus ag úsáid nósanna imeachta tairisceana oibiachtúla chun tairiscintí a thabhairt.”
Sa chás nach bhfuil Creat lárnach de chuid na hOifige um Sholáthar Rialtais i bhfeidhm, fógraítear comórtais ar eTenders agus is féidir le tairgeoirí a bheith páirteach sa phróiseas. Nuair a chuirtear deireadh leis an bpróiseas, cuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí fógra ar eTenders, chun a rá go bhfuil deireadh curtha leis an bpróiseas tairisceana agus foilsíonn eTenders eolas faoin gconradh/gcomhaontú creata.
Go hinmheánach, coinníonn an eagraíocht Clár Conarthaí inmheánach agus déanann an t-aonad soláthair monatóireacht air seo. Tá gach eolas cuí faoi chúrsaí soláthair ar fáil ar an inlíon do bhaill foirne chomh maith, atá ar fáil do gach seilbheoir buiséid ar iarratas. Tugann an phoistphoiblí faoi sholáthar de réir polasaithe inmheánacha a rialaíonn riachtanais cheannaigh na heagraíochta. Tá Oifigeach Soláthair san eagraíocht agus tá caipéisí agus nósanna imeachta éagsúla i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloítear le reachtaíocht soláthair (AE) agus le hOifig an Rialtais.
Rialachas Oscailte
An Cód um Rialú Corparáideach
I gCód na phoistphoiblí um Rialachas Corparáideach atá ar fáil ar Foilseacháin | publicjobs.ie, leagtar amach an caidreamh idir an eagraíocht agus an tAire cuí agus déantar tuilleadh plé ar an gcaidreamh leis an Aire, leis an roinn chuí agus leis an Oireachtas. Tá na Socruithe Iniúchta agus Dearbhaithe ar fáil ar Foilseacháin | publicjobs.ie.
Bord na phoistphoiblí
Bhunaigh an tAcht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004 an phoistphoiblí. Tá foráil san Acht maidir le Príomhfheidhmeannach agus Bord a cheapadh. Forálann na struchtúir a cuireadh i bhfeidhm sa reachtaíocht go mbeidh an Príomhfheidhmeannach mar Oifigeach Cuntasaíochta don tSCP agus ina C(h)eannaire ainmnithe den Oifig Sceidealaithe de réir an Achta um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí 1997. Dá bhrí sin, comhlacht den Státseirbhís is ea an tSCP agus tá impleacht aige sin maidir le ról agus cineál Bhord na SCP; ról comhairleach atá i gceist de bharr na bhfreagrachtaí láidre dlí atá ar an bPríomhfheidhmeannach.
Tá an phoistphoiblí ar cheann de roinnt bheag Comhlachtaí Stáit a bhfuil Oifigeach Cuntasaíochta Reachtúil (an Príomhfheidhmeannach) acu de réir mar a leagtar amach in Alt 22 d’Acht an Státchiste agus Ranna Iniúchta, 1866, atá freagrach as cistí Vótáilte. Dá bhrí sin, tá an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach as na Cuntais Leithreasa agus nósanna airgeadais poiblí a bhaineann leo.
Tá an tOifigeach Cuntasaíochta féin freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí den reachtas as rialtacht agus ionracas idirbheart sna cuntais a bhfuil siad freagrach astu chomh maith le barraineacht, héifeachtacht agus héifeachtúlacht na maoirseachta ar shocmhainní. Feidhmíonn an POF mar theagmhálaí díreach idir an Bord agus lucht bainistíochta na heagraíochta agus déanann siad cumarsáid leis an mBord ar son an lucht bainistíochta. Oibríonn an Bord faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004-13, agus cloíonn sé leis an gCód Cleacthais don Bhord.
Miontuairiscí an Bhoird
Foilsítear miontuairiscí an bhoird nuair a cheadaíonn an Bord iad. Tá na miontuairiscí ar fáil ar: Foilseacháin | publicjobs.ie. Déantar feidhmíocht oibríochta agus bhuiséadach leanúnach a nuashonrú agus a chur in iúl don Bhord agus foilsítear achoimre i miontuairiscí an Bhoird.
An Coiste Iniúchta
Is cuid den réimse rialaithe é an Coiste Iniúchta, agus tá sé mar aidhm aige comhairle neamhspleách a thabhairt don Oifigeach Cuntasaíochta maidir le hoiriúnacht agus téagar chórais agus nósanna imeachta rialaithe na heagraíochta. Ceaptar an Coiste Iniúchta chun comhairle neamhspleách a thabhairt don Oifigeach Cunstasaíochta agus tá sé freagrach don Oifigeach maidir lena fheidhmeanna a chomhlíonadh i dtaca leis seo. Beidh an t-údarás ag an gCoiste Iniúchta scrúdú a dhéanamh ar aon cheist laistigh dá théarmaí tagartha; beidh na hacmhainní, agus an chomhairle ghairmiúil sheachtrach atá ag teastáil uaidh chun é seo a dhéanamh aige agus rochtain iomlán ar eolas.
Ceapann an tOifigeach Cuntasaíochta baill agus an Cathaoirleach. Tagann an Cathaoirleach agus gach ball den Choiste ó lasmuigh den eagraíocht, agus ainmníonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ball amháin.
Freastalaíonn ionadaithe ón C&AG ar chruinnithe gach bliain agus bíonn Cathaoirleach an Choiste Iniúchta ar fáil dóibh.
Eitic/Rialachas Corparáideach
Cinntíonn an Bord go bhfuil socruithe éifeachtacha i bhfeidhm sa phoistphoiblí maidir le rialachas, bainistíocht riosca agus rialú inmheánach. Tabharfaidh clár éifeachtach rialaithe inmheánaigh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an gcóras caighdeáin ginearálta, eolas don Bhord maidir le rioscaí corparáideacha suntasacha. Cabhróidh rialú inmheánach maidir le hathbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí na phoistphoiblí.
Tá sé mar aidhm ag an phoistphoiblí a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin is airde maidir le hionracas. Glacann an eagraíocht páirt i gclár dar teideal Ionracas san Áit Oibre, tionscnamh de chuid Transparency International (TI) Éireann, agus shínigh sí an Gealltanas maidir le hIonracas san Áit Oibre. Is gealltanas poiblí é seo go gcosnófar éinne a chuireann cúis imní faoi éagóir in iúl ó phionós; go gcuirfear bearta i bhfeidhm bunaithe ar an gcúis imní sin; agus go dtabharfar treoir do dhaoine i dtaca le foinsí treorach agus tacaíochta, lena n-áirítear an líne chabhrach dar teideal Speak Up a reáchtálann TI Éireann.
Rannpháirtíocht Pholaitiúil agus Phobail
Stocaireacht
Mar chomhlacht poiblí, cloíonn muid le freagrachtaí maidir leis an Acht um Rialú Brústocaireachta 2015. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ár suíomh gréasáin ar: Rialú Stocaireachta | publicjobs.ie
Urraíocht/Síntiúis Charthanachta agus Síntiúis Phobail
Ba mhian leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí daoine cumasacha éagsúla a earcú agus ba mhian léi tacú leis an tseirbhís phoiblí i dtaca lena chinntiú go léiríonn sí na pobail ar a bhfreastalaíonn sí.
Déanann muid urraíocht ar na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais don Lucht Siúil in Exchange House gach bliain.
Is ball muid chomh maith de Open Doors, carthanacht chláraithe. Tugann an tionscnamh Open Doors deiseanna do chuid de na baill is imeallaithe den tsochaí, ag cruthú conairí chuig an obair trí oiliúint, oideachas, fhostaíocht agus fhiontraíocht.
Mar chuid de na Duaiseanna Náisiúnta Éagsúlachta (a reáchtálann Ionad Éagsúlachta na hÉireann), déanann muid urraíocht ar Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana.
Fostaíocht nó Rannpháirtíocht Sheachtrach
Ní mór do gach ball foirne san eagraíocht ag leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta agus níos airde cloí leis an reachtaíocht a bhaineann le hEitic in Oifig Phoiblí.
Sa chonradh do gach ball foirne nua, tá eolas faoin riachtanas cloí leis na Cóid Caighdeán agus Iompair(gov.ie - Cód Caighdeán agus Iompair (www.gov.ie)). Sa Chód, leagtar amach na caighdeáin agus an t-iompar a bhfuiltear ag súil leo ó gach státseirbhís agus tá na riachtanais i dtaca le fostaíocht i ndiaidh dóibh an státseirbhís a fhágáil san áireamh.
Ní mór d’aon státseirbhíseach a bhfuil sé i gceist acu a bheith páirteach nó ceangailte le haon ghnó seachtrach lena raibh teagmháil oifigiúil acu nó le haon ghnó seachtrach a mbeadh buntáiste acu ar ghnólachtaí eile sa chás go mbeadh an duine sin ag obair leo é sin a chur in iúl don POF. Ina theannta sin, níl cead ag baill foirne ag leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta nó níos airde glacadh le ceapachán le fostóir lasmuigh den Státseirbhís laistigh de dhá mhí déag tar éis dóibh éirí as nó dul ar scor ón tseirbhís, nó glacadh le fostaíocht le tionscadal comhairliúcháin ar leith, dá mbeadh coimhlint leasa i gceist de bharr chineál agus théarmaí na fostaíochta sin, gan cead a fháil ón bPOF ar dtús. Ní mór don POF iarratas a chur isteach chuig an mBord um Fhostaíocht Sheachtrach ma tá fonn orthu glacadh le ról nó fostaíocht den chineál sin. Déanfar iarratais a mheas chun a shocrú an bhfuil coimhlint leasa shoiléir i gceist nó nach bhfuil. Is féidir go dtabharfar cead glacadh le ceapachán nó le fostaíocht gan choinníoll nó is féidir go gcuirfear coinníollacha i bhfeidhm.
Sceithireacht
Polasaí maidir le Nochtaí Cosanta
Tá Polasaí um Nochtaí Cosanta foilsithe againn ar ár suíomh gréasáin. Deirtear sa Pholasaí go bhfuil “an Polasaí seo curtha i bhfeidhm againn chun a chinntiú go bhfuil nósanna imeachta foirmiúla i bhfeidhm maidir le cúis imní a chur in iúl agus go dtuigeann daoine gur féidir leo nochtaí den chineál seo a dhéanamh ar bhealach sábháilte.” Sa Pholasaí seo, tá ár “[n]gealltanas poiblí go gcosnófar éinne a chuireann cúis imní faoi éagóir in iúl ó phionós; go gcuirfear bearta i bhfeidhm bunaithe ar an gcúis imní sin; agus go dtabharfar treoir do dhaoine i dtaca le foinsí treorach agus tacaíochta, lena n-áirítear an líne chabhrach dar teideal Speak Up a reáchtálann TI Éireann”.
Tá an Polasaí i bhfeidhm do bhaill foirne (agus d’iar-bhaill foirne). Maidir leis na tagairtí d’oibrithe, tá iar-oibrithe agus baill foirne ó eagraíochtaí eile a oibríonn nó a d’oibrigh (faoi láthair nó roimhe seo) sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gceist. Tá conraitheoirí a oibríonn san eagraíocht, daoine a bhfuil baint acu le hidirbheartaíocht réamhchonartha, oibrithe gníomhaireachta, daoine faoi oiliúint, oibrithe deonacha, Baill de Bhord na SCP agus iarrthóirí ar phoist (a thugann éagóir faoi deara le linn an phróisis earcaíochta) i gceist chomh maith. Foilsíonn muid Tuairisc i dtaca le Nochtaí Cosanta inár dTuarascáil Bhliantúil. Go dtí 2023, ní bhfuair an eagraíocht aon Nochtadh Cosanta.
Oiliúint do Bhaill Foirne agus Daoine a chur ar an Eolas
Oiliúint do Bhaill Foirne
WD’fhorbair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí clár oiliúna agus feasachta atá dírithe ar phríomhthosaíochtaí a bhaineann le réimse an iompair eitice agus le rioscaí eagraíochta a bhainistiú. Cuireadh an clár, dar teideal “Risky Business”, ar siúl in 2021 agus in 2023 (agus cuirfear ar siúl é gach 12-18 mí). Spreagadh gach ball foirne chun páirt a ghlacadh ann. Tá na hacmhainní ó gach seisiún ar fáil do gach ball foirne agus baintear úsáid astu mar chuid den ionduchtú do bhaill foirne nua chomh maith. Cuirtear oiliúint faoi Fhiosrúcháin Chalaoise agus faoi Iniúchadh ar Nochtaí Cosanta ar fáil do bhainisteoirí sinsearacha go rialta chomh maith. Tá an oiliúint is déanaí ar fáil