Ardbhainistíocht | publicjobs.ie
senior management header

Ardbhainistíocht

Fáilte chuig an leathanach ar leith faoi chomhairle maidir le hArdbhainistíocht. Tugann an rannóg seo comhairle agus eolas d’iarrthóirí atá ag déanamh iarratais ar phoist ardbhainistíochta agus ar phoist ardleibhéal eile.  

Déanaimid earcaíocht do phoist ardbhainistíochta agus do phoist speisialtachta ardfheidhmiúcháin sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne m.sh. Rialtas Áitiúil, Sláinte, Earnáil Stáit neamh-thráchtála. Cuirimid seirbhís ar fáil mar thacaíocht do Choiste na gCeapachán Ardleibhéal (TLAC), as a ndearnadh ceapacháin i bpoist ardbhainistíochta (m.sh. Rúnaithe Cúnta agus Ard-Rúnaithe de Ranna Rialtais) sa Státseirbhís.

Tá freagracht againn fosta faoi Threoirlínte do Cheapacháin ar Bhoird Stáit, as róil a fhógairt ar Bhoird Fhorais Stáit agus as iarratais ó iarrthóirí a d’fhéadfaí a cheapadh a mheas.

Tá ról lárnach againn i gcomhar le FnaSS maidir le comhairligh leighis a earcú chuig an tseirbhís sláinte phoiblí.

De réir bheartas an Rialtais, dírítear níos mó ar earcaíocht oscailte chuig gach post sa tseirbhís shibhialta agus phoiblí, iad sin ag na leibhéil is sinsearaí san áireamh.


Ár bPróiseas

Go ginearálta feachtais fhada ina bhfuil trí staid sa phróiseas measúnaithe atá i gceist, (gearrliostú, réamh-agallaimh agus agallaimh dheiridh san áireamh), lena chinntiú go bhfuil na scileanna agus an taithí chuí atá riachtanach don phost ag an iarrthóir a cheaptar.
I dtaca le roinnt mhaith de na feachtais shinsearacha, úsáidfear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas le cabhrú leis an bhord roghnaithe cinneadh a dhéanamh:

• Ceistneoir pearsantachta ar líne;
• Dian-mheasúnú ina mbíonn ceistneoirí agus agallamh duine le duine;
• Cleachtadh straitéiseach;
• Cur i láthair don bhord roghnaithe.


Comórtais TLAC

Bunaíodh an Coiste um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC) sa bhliain 1984. Is í feidhm an Choiste iarrthóirí a mholadh d’Airí agus don Rialtas do na poist is sinsearaí sa Státseirbhís – ag leibhéal an Rúnaí Chúnta agus níos airde. Tá sé beartaithe ag TLAC struchtúr bainistíochta na Státseirbhíse a neartú trí phróisis measúnaithe atá oscailte agus bunaithe ar inniúlachtaí a stiúradh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi phróiseas an iarrthóra do TLAC, féach ar ár Mapa a léiríonn an Próiseas Iarrthóra TLAC

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hinniúlachtaí atá riachtanach do róil shinsearacha sa Státseirbhís, féach ar ár gcóras inniúlachta d’Ard-Rúnaithe Cúnta agus d’Ard-Rúnaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi TLAC, lena n-áirítear an Ráiteas maidir le Róil agus Freagrachtaí, ballraíocht TLAC agus Tuairiscí TLAC, cliceáil anseo.


D’Iarratas / CV a ullmhú

Níor chóir go mbeadh do CV níos faide ná 3 - 4 leathanach agus ba chóir litir iarratais a chur leis. Ba chóir do thaithí agus d’éachtaí i do ghairm go dtí seo a chur in ord droim ar ais agus do thaithí agus na héachtaí is déanaí a chur ag an tús. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag

Senior Executive Guidance Notes. 


Measúnú

Cuid thábhachtach d’earcaíocht shinsearach agus ghairmiúil is ea measúnú ardhainistíochta agus ghairmiúil. San áireamh tá cur i láthair, cleachtadh a bhaineann leis an phost, agus ceistneoirí a chuirfidh ar do chumas a léiriú cén fáth go mbeifeá fóirsteanach don phost. Léiríonn an measúnú conas a phléifidh iarrthóir le cás a d’fhéadfadh tarlú sa ról a ndearna sé/sí iarratas air. Scrúdóidh seo do chumas maidir le cinntí a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach faoi theorainn ama.   


Áiseanna Úsáideacha

Tar ar ais anseo ar ball. Cuirfimid áiseanna anseo a chuideoidh leat ullmhú do mheasúnú, do cheistneoirí agus le hiarratas a dhéanamh ar phoist ghairmiúla agus ardbhainistíochta. Cuirfear ábhar atá úsáideach d’oibrithe gairmiúla faoi inscne, éagsúlacht, bainistíocht agus oiliúint ar fáil gan mhoill.
 

Déan Teagmháil Linn

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi phoist ardbhainistíochta agus ghairmiúla, líon amach an fhoirm theagmhála ar an leathanach do theagmháil a dhéanamh linn.