
MAIDIR LEIS NA hACMHAINNÍ TEAGAISC
Anseo, gheobhaidh tú gach ní atá ag teastáil uait chun tacaíocht a thabhairt do do dhaltaí agus iniúchadh á dhéanamh acu ar an earnáil phoiblí agus ar na gairmeacha a mbeidh siad in ann teacht orthu - agus tá gach ní in aon rannán amháin. Tá neart pointí foghlama ar fáil sa phacáiste acmhainní nua-athchóirithe seo do ranganna Idirbhliana, ATF agus GCAT chun an earnáil phoiblí a shoiléiriú ar bhealach spraíúil, áisiúil agus tarraingteach.
Tá 5 phlean ceachta sa phacáiste, mar aon le níos mó ná 9 gconair ghairme agus dteistimeireacht ó sheirbhísigh phoiblí ata ag obair faoi láthair.
Díríonn gach plean ceachta ar thopaic ar leith a bhaineann le gairmeacha san earnáil phoiblí agus tá na nithe seo a leanas san áireamh:
- Sleamhnáin PowerPoint don Seomra Ranga
- Treoracha Ceachta do Mhúinteoirí
- Bileoga oibre agus gníomhaíochtaí do Dhaltaí
- Freagraí na mBileog Oibre don Mhúinteoir (más cuí)
AISEOLAS
Ba bhreá linn aiseolas a fháil uait faoinár n-acmhainní. Tabhair aiseolas dúinn faoi na rudaí a bhfuil tú sásta leo nó faoi rudaí sa bhreis ar chóir dúinn cur leis na hacmhainní, dar leat. Táimid ar fáil ag
CEISTEANNA COITIANTA DO MHÚINTEOIRÍ
1. Cad í an earnáil phoiblí?
Agus muid ag féachaint ar earnálacha gairme, tá sé tábhachtach a thuiscint go mbíonn a lán gairmeacha ar fáil san Earnáil Phoiblí agus san Earnáil Phríobháideach araon.
Cad é, a deir tú, an difear idir an dá earnáil seo?
Tá eagraíochtaí a stiúrann an Rialtas mar chuid den earnáil ar a dtugtar an Earnáil Phoiblí. Tá daoine ó chúlraí éagsúla san earnáil phoiblí agus oibríonn siad le chéile chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Tugann muid moltaí agus cabhair i dtaca le Ranna Rialtais, hÚdaráis Áitiúla (m.sh. do chomhairle contae áitiúil) agus gníomhaireachtaí stáit a reáchtáil.
Is í an earnáil phríobháideach an chuid den gheilleagar a reáchtálann daoine aonair agus comhlachtaí chun brabús a dhéanamh agus níl smacht ag an stát uirthi, agus is cuid den earnáil dheonach iad carthanachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis.
Tá a lán gairmeacha ar fáil i níos mó ná ceann amháin de na hearnálacha seo, rud a chiallaíonn gur féidir úsáid a bhaint as scileanna agus taithí a fhaightear in earnáil amháin sna hearnálacha eile.
2. Cén ról atá ag Publicjobs.ie
Is é Publicjobs.ie an suíomh gréasáin ar a bhfógraíonn muid poist Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí. Is ceann de na príomhbhealaí rochtana é do dhaoine a bhfuil suim acu i ngairm sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Is féidir le cuardaitheoirí poist cur isteach ar dheiseanna gairme trí publicjobs.ie de réir mar a thagann deiseanna chun cinn. Ina theannta sin, bainistíonn Publicjobs.ie an próiseas earcaíochta, ó staid an iarratais, trí staid na dtrialacha, trí staid an agallaimh agus go dtí go dtugtar tairiscint ar phost.
3. Cad é Rialtas na hÉireann?
Comhlíonann daoine atá fostaithe san Earnáil Phoiblí róil éagsúla, déanann siad cineálacha éagsúla post agus déanann siad obair thábhachtach. Fostaíonn Rialtas na hÉireann os cionn 300,000 duine chun seirbhísí poiblí a chur ar fháil do shaoránaigh na hÉireann. Maidir leis na seirbhísí poiblí seo, tá trí réimse i gceist:
- Ranna Rialtais, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta, an Roinn Iompair, an Roinn Comhshaoil agus an Roinn Dlí agus Cirt, agus neart ranna eile (féach ar an ngrafaic faisnéise).
- Gníomhaireachtaí Stáit, a chuireann seirbhísí ar leith ar fáil, m.sh. FSS, An Garda Síochána agus RTÉ.
- Údaráis Áitiúla: Seans gur chuala tú trácht ar Chomairlí Cathrach nó ar Chomhairlí Contae. Is údaráis áitiúla iad seo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go: https://www.gov.ie/ga/cabhair/ranna/
4. Cad iad Gráid na Státseirbhíse?
Baineann gráid na státseirbhíse, ó ghrád an Oifigigh Chléireachais go grád an Ard-Rúnaí, le sinsearthacht agus le scálaí tuarastail, seachas le róil agus dualgais ar leith. Tá beagnach gach ról atá ar fáil san earnáil phríobháideach ar fáil sa státseirbhís chomh maith, agus socraítear do leibhéal sinsearthachta laistigh de struchtúr na heagraíochta de réir do ghráid, ó ghníomhaíochtaí oibríochta go ceannaireacht shinsearach.
