FAIGH EOLAS FAOIN TSEIRBHÍS PHOIBLÍ, AN FOSTÓIR IS MÓ IN ÉIRINN

PRÍOMHIONAD EOLAIS
DO DHALTAÍ
Chun cabhrú leat an chonair ghairme is oiriúnaí duit féin a roghnú nuair a thiocfaidh an lá, chuir muid neart eolais faoin earnáil phoiblí le chéile ar an leathanach seo. Chuir muid na hacmhainní is úsáidí le chéile chun cabhrú leat tús a chur le do thaighde ar an earnáil mhór seo. Tá an earnáil phoiblí OLLMHÓR agus, uaireanta, ceaptar go bhfuil sé deacair í a thuiscint dá bharr. Chun cabhrú leat ag tús d’aistir, tá muid chun roinnt rudaí a shoiléiriú: Tá sé casta, ach suimiúil; ar aghaidh linn!
SULA DTOSAÍONN TÚ
Tá an earnáil phoiblí OLLMHÓR agus, uaireanta, ceaptar go bhfuil sé deacair í a thuiscint dá bharr. Chun cabhrú leat ag tús d’aistir, táimid chun roinnt rudaí a shoiléiriú:
CAD É AN DIFEAR IDIR AN EARNÁIL PHOIBLÍ AGUS AN EARNÁIL PHRÍOBHÁIDEACH?
Ciallaíonn an téarma ‘earnálacha’ go bhfuil catagóirí éagsúla fostaíochta i gceist – is é an difear is tábhachtaí ná an áit as a dtagann an tuarastal, .i. an íocann an rialtas nó comhlacht príobháideach é? Tá gairmeacha agus cineálacha poist ann nach bhfuil ar fáil ach san earnáil phoiblí agus gairmeacha agus cineálacha poist eile nach bhfuil ar fáil ach san earnáil phríobháideach, ach tá an-chuid deiseanna poist ann atá ar fáil sa dá earnáil.
CAD Í AN EARNÁIL PHOIBLÍ?
Cuireann an earnáil phoiblí seirbhísí poiblí ar fáil do Shaoránaigh na hÉireann. Bíonn baint ag an obair seo le gach gné den saol in Éirinn agus, mar sin, is obair thábhachtach í do mhuintir na hÉireann. Tá réimse leathan deiseanna gairme ar fáil, agus fostaíonn Rialtas na hÉireann os cionn 300,000 duine. Seo a leanas struchtúr na hearnála poiblí:
RIALTAS NA HÉIREANN
Faoi láthair, tá 18 Roinn, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta, an Roinn Iompair, an Roinn Comhshaoil, an Roinn Dlí agus Cirt, agus a lán Ranna eile, i RIALTAS NA HÉIREANN

AN STÁTSEIRBHÍS
Tugann AN STÁTSEIRBHÍS tacaíocht do rialtas an lae chun a pholasaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ach tá sí neamhchlaonta, ó thaobh na polaitíochta de.

TSEIRBHÍS PHOIBLÍ
Áirítear sa TSEIRBHÍS PHOIBLÍ gníomhaireachtaí Stáit, m.sh. FSS, An Garda Síochána agus RTÉ, mar aon le hÚdaráis Áitiúla, .i. Comhairlí Cathrach agus Comhairlí Contae.

Le tuilleadh eolais a fháil, téigh go: https://www.gov.ie/en/help/departments
CÉN RÓL ATÁ AG PUBLICJOBS.IE?
Is é Publicjobs.ie an suíomh gréasáin ar a bhfógraítear deiseanna poist sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Is ceann de na príomhbhealaí rochtana é do dhaoine a bhfuil suim acu i ngairm sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Is féidir le cuardaitheoirí poist cur isteach ar dheiseanna gairme trí publicjobs.ie de réir mar a thagann deiseanna chun cinn. Ina theannta sin, bainistíonn Publicjobs.ie an próiseas earcaíochta, ó staid an iarratais, trí staid na dtrialacha, trí staid an agallaimh agus go dtí go dtugtar tairiscint ar phost.
CÉN CHAOI A MBAINEANN AN EARNÁIL PHOIBLÍ LE MO CHONAIR GHAIRME?
1. Roghanna d’fhágálaithe scoile
Cuireann an earnáil phoiblí, trí Publicjobs.ie, róil riaracháin ar fáil ag leibhéil éagsúla i ngach roinn rialtais, ar fud na tíre. Maidir le daoine a fhágann an scoil agus iad óg, agus a bhfuil 17 mbliana nó níos mó slánaithe acu, tagann siad isteach sa státseirbhís mar Oifigigh Chléireachais nó mar Oifigigh Chléireachais Shealadacha de ghnáth. Cuireann daoine sna róil seo tacaíocht riaracháin ar fáil laistigh de roinn rialtais agus bíonn difríochtaí idir na róil, ag brath ar an eagraíocht fostaithe (m.sh. An Roinn Iompair, an Roinn Dlí agua Cirt, srl.). De ghnáth, bíonn ar Oifigeach Cléireachas buan nó sealadach comhdú a dhéanamh, déileáil le ríomhphoist, dualgais a chomhlíonadh ag deasc fáiltithe agus páirt a ghlacadh in obair tionscadail. Leagtar béim ar a bheith ag obair mar bhall d’fhoireann chun seirbhísí tábhachtacha poiblí a chur ar fáil agus ar leas a bhaint as an teicneolaíocht is déanaí chun seirbhís phoiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.
2. Deiseanna do chéimithe ollscoile
De ghnáth, tagann céimithe ollscoile isteach sa státseirbhís ag leibhéal an Oifigigh Feidhmiúcháin agus ag leibhéal an Oifigigh Riaracháin. Tá deiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí curtha in oiriúint le céad glúin eile cheannairí na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí a spreagadh, dúshlán a chur rompu agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Mar Chéimí, beidh an deis agat a bheith ag obair ar thionscadail a chuirfidh le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann. Más duine thú a bhaineann taitneamh as obair dhúshlánach agus má chreideann tú i gcoincheap na seirbhíse poiblí, is féidir go mbeadh post den chineál seo oiriúnach duit.
3. Oiliúint agus Forbairt chun cabhrú leat an dréimire gairme a dhreapadh
Ag brath ar an ról agus ar an roinn, bheadh an deis agat do scileanna a fhorbairt ar bhealaí éagsúla agus bheadh an deis agat do scileanna a fhorbairt agus tú féin a fhorbairt go gairmiúil trí chláir oiliúna ar ardchaighdeán, trí chórais mheantóireachta agus tacaíochta, trí thionscnaimh oiliúna inmheánacha, agus trí dheiseanna éagsúla eile – tá an tacaíocht seo ann chun a chinntiú go bhfuil na scileanna agus an t-eolas agat atá ag teastáil chun go n-éireodh leat i ról gnóthach ina bhfuil béim ar thorthaí sa tSeirbhís Phoiblí.
AN TEOLAS IS TÁBHACHTAÍ
Anois, agus an t-eolas bunúsach agat, tá sé in am agat taighde domhain a dhéanamh ar an earnáil phoiblí i gcoitinne. Féach ar ár n-eolas is tábhachtaí chun tuilleadh eolais a fháil faoi bhealaí rochtana chuig gairm san earnáil phoiblí, agus faoi oiliúint agus fhorbairt. Is féidir leat féachaint chomh maith ar ár naisc úsáideacha chun iniúchadh a dhéanamh ar an réimse iomlán de dheiseanna gairme atá ar fáil san earnáil phoiblí.
Naisc agus Íoslódálacha Tábhachtacha
Naisc Thacaíochta
NÁ CAILL AN DEIS
Má tá suim agat i ngairm san earnáil phoiblí, agus má chomhlíonann tú na critéir cháilitheachta, cláraigh d’fholáirimh maidir le poist ar publicjobs.ie chun eolas a fháil faoi dheiseanna de réir mar a thagann siad chun cinn. Chliceáil anseo chun clárú d’fholáirimh maidir le poist.
BA BHREÁ LINN CLOISTEÁIL UAIT
Má tá tuilleadh ceisteanna agat nó más mian leat aiseolas a thabhairt i dtaca leis an eolas a cuireadh ar fáil, téigh i dteagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag
CEISTEANNA COITIANTA DO DHALTAÍ
1. An gcaithfidh mé céim a bheith agam chun post a fháil san Earnáil Phoiblí?
Tá a lán ról éagsúil san Earnáil Phoiblí nach bhfuil céim riachtanach dóibh. Maidir le daoine a fhágann an scoil agus iad óg, tagann siad isteach sa státseirbhís mar Oifigigh Chléireachais nó mar Oifigigh Chléireachais Shealadacha de ghnáth. Cuireann daoine sna róil seo tacaíocht riaracháin ar fáil laistigh de roinn rialtais agus bíonn difríochtaí idir na róil, ag brath ar an eagraíocht fostaithe (m.sh. An Roinn Iompair, an Roinn Dlí agua Cirt, srl.).
De ghnáth, bíonn ar Oifigeach Cléireachas buan nó sealadach obair chléireachais ghinearálta a dhéanamh (comhdú a dhéanamh, déileáil le ríomhphoist, dualgais a chomhlíonadh ag deasc fáiltithe srl.), ag obair mar bhall d’fhoireann chun seirbhísí tábhachtacha poiblí a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt do bhainisteoirí líne agus do chomhghleacaithe, ag obair leis an teicneolaíocht is déanaí chun seirbhísí a thaifeadadh agus a fhorbairt, chun cumarsáid a dhéanamh agus chun seirbhís phoiblí ar ardchaighdeán a chur ar fháil do mhuintir na hÉireann.
Beidh céim riachtanach do róil ghairmiúla agus theicniúla eile, m.sh. innealtóir, dlíodóir, Speisialtóir TFC srl., de ghnáth ag leibhéal 8, ach, i gcásanna áirithe, beidh céim ag leibhéal 6 inghlactha. Tá sé tábhachtach féachaint ar an eolas atá sa Leabhrán Eolais don phost a bhfuil suim agat ann. Is féidir leat féachaint ar na róil atá ar fáil againn faoi láthair ar ár bhfeidhm do Chuardaigh Poist!
2. An bhfuil srianta aoise i gceist agus duine ag cur isteach ar phost?
Maidir le formhór na ról a chuireann muid ar fáil, caithfidh tú a bheith 17 mbliana d'aois, nó níos sine, ag an am a bhfógraítear an post. Níl an srian seo i bhfeidhm i gcónaí, áfach, agus molaimid d’iarrthóirí, mar sin, na riachtanais cháilitheachta sa leabhrán eolais cuí a léamh go cúramach sula gcuireann siad isteach ar ról.
3. Má roghnaím gairm sa Státseirbhís, an mbeidh mé i mo shuí ag deasc an lá ar fad?
Ní bheidh! Cuireann muid réimse leathan ról ar fáil agus d’fhéadfá a bheith ag obair i réimsí éagsúla. D’fhéadfá a bheith ag obair, mar shampla, in Oifig na nOibreacha Poiblí OOP), agus sainchomharthaí cáiliúla náisiúnta na hÉireann á gcaomhnú agat nó má tá aicsean agus eachtraí ag teastáil uait, d’fhéadfá a bheith ag obair i rannóg na gcustam, ag obair ar oibríochtaí chun drugaí a ghabháil agus chun cur isteach ar ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl dronganna coiriúlachta eagraithe. D’fhéadfá a bheith ag obair taobh amuigh le d’údarás áitiúil chun athruithe a dhéanamh i do phobal féin. Seans go mbeifeá in ann obair a dhéanamh in oifig Thaoiseach na hÉireann. Tá ról do gach duine sa Státseirbhís. Ní bheidh! Cuirimid réimse leathan de róil ar fáil agus seans go mbeidh tú ag obair, mar shampla, d’Oifig na nOibreacha Poiblí, agus sainchomharthaí cáiliúla náisiúnta na hÉireann á gcaomhnú agat. Má tá aicsean agus eachtraí ag teastáil uait, is féidir tú a chur ag obair sa rannóg chustam, ag obair ar oibríochtaí chun drugaí a ghabháil agus chun cur isteach ar Oibríochtaí nó ar dhronganna coiriúlachta eagraithe. Is féidir leat a bheith ag obair taobh amuigh le húdarás áitiúil chun athruithe a dhéanamh i do phobal féin. Seans go mbeidh tú in ann obair a dhéanamh in oifig Thaoiseach na hÉireann. Tá ról do gach duine sa Státseirbhís.
4. Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi na Ranna Rialtais?
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus hÚdaráis Áitiúla, cliceáil ar an nasc seo de chuid Rialtas na hÉireann.
5. An bhfuil deiseanna ann dul chun cinn a dhéanamh trí mo ghairm?
Tá, is é seo ceann de na nithe is fearr faoin earnáil phoiblí! Bíonn deiseanna dul chun cinn a dhéanamh i do ghairm ar fáil duit i gcónaí, lena n-áirítear an réimse nó an roinn ina n-oibríonn tú a athrú nó ardú céime a fháil chuig grád níos airde trí do scileanna a fhorbairt, agus ní bheidh tú sáinnithe in áit amháin riamh. Cosúil leis an Earnáil Phríobháideach, tá leibhéil éagsúla taithí agus sinsearthachta ag baint le gach ról. Athraíonn na cáilíochtaí agus an taithí atá ag teastáil uait ó ról go ról.
Baineann gráid na státseirbhíse, ó ghrád an Oifigigh Chléireachais go grád an Ard-Rúnaí, le sinsearthacht agus le scálaí tuarastail, seachas le róil agus dualgais ar leith. Tá beagnach gach ról atá ar fáil san earnáil phríobháideach ar fáil sa státseirbhís chomh maith, agus socraítear do leibhéal sinsearthachta laistigh de struchtúr na heagraíochta de réir do ghráid, ó ghníomhaíochtaí oibríochta go ceannaireacht shinsearach.
6. Is dalta idirbhliana mé. An gcuireann sibh taithí oibre ar fáil?
Tá an-áthas orainn go bhfuil suim agat taithí oibre a dhéanamh linn! Níl scéim lárnach i bhfeidhm againn do thaithí oibre a dhéantar mar chuid den idirbhliain; glacann ranna éagsúla le daltaí ó am go ham, áfach. Má tá suim agat taithí oibre a dhéanamh linn, mholfaimis duit teagmháil a dhéanamh le roinn atá cóngarach duit inar mhaith leat taithí oibre a dhéanamh. Tá eolas i dtaca le teagmháil a dhéanamh le roinn a bhfuil suim agat inti ar fáil anseo: gov.ie.
7. Cén cineál post atá agaibh?
Tá poist éagsúla ar fáil do dhaoine atá ag fágáil na scoile, do dhaoine a bhfuil an Ardteistiméireacht acu, do chéimithe ollscoile a bhfuil taithí agus spéis ag leibhéil dhifriúla acu. Tá muid cinnte go bhfaighidh tú ceann a oirfidh duit! Féach ar an bPríomhionad Eolais chun tuilleadh eolais a fháil.
8. Tá mé faoi mhíchumas, an mbeidh tionchar aige sin ar mo ghairm san Earnáil Phoiblí?
Ní bheidh in aon chor! Is fostóir comhdheiseanna muid, rud a chiallaíonn nach ndéanann muid idirdhealú atá bunaithe ar chine, dhath, chreideamh, bhunús náisiúnta, ghnéas, mhíchumas fisiceach nó intinne nó aois. Tá muid tiomanta do dhaoine ó chúlraí éagsúla a earcú agus cabhraíonn muid le daoine a bhfuil riachtanais sa bhreis acu le linn an phróisis roghnaithe agus chun a chinntiú go socraíonn siad isteach i bhfórsa oibre na seirbhíse poiblí. Tá an-chuid tacaíochtaí i bhfeidhm d’fhostaithe atá faoi mhíchumas i ranna rialtais éagsúla, agus tá tacadóirí míchumais i bhformhór na ranna rialtais.
9. Ní dhearna mé agallamh riamh, cad atá i gceist sa phróiseas?
De ghnáth, bíonn trialacha inniúlachta agus agallaimh fhíorúla agus/nó aghaidh ar aghaidh i gceist. Tá tuilleadh sonraí faoin bpróiseas earcaíochta ar fáil anseo
10. Ar chóir dom cúrsa ollscoile ar leith a roghnú má tá gairm san Earnáil Phoiblí uaim?
Roghnaigh pé cúrsa a bhfuil suim agat ann, is cuma más cúrsa Tráchtála, Ríomheolaíochta, Ealaíon, Altranais, Eolaíochta, Bitheolaíochta Mara srl. atá i gceist! Beidh post ar fáil san Earnáil Phoiblí i mbeagnach gach earnáil ghairme ar féidir leat smaoineamh uirthi.
11. Cén áit ar féidir liom tuilleadh a eolais a fháil faoi róil san Earnáil Phoiblí?
Is féidir leat eolas cuimsitheach faoi róil a chuireann muid ar fáil sa leabhrán eolais a bhaineann le gach ról, trí úsáid a bhaint as an bhfeidhm do Chuardaigh Phoist. Nó is féidir leat féachaint ar Phróifíl ár dTairsí Gairmeacha..
12. Cad í an earnáil phoiblí?
Agus muid ag féachaint ar earnálacha gairme, tá sé tábhachtach a thuiscint go mbíonn a lán gairmeacha ar fáil san Earnáil Phoiblí agus san Earnáil Phríobháideach araon.
Cad é, a deir tú, an difear idir an dá earnáil seo?
Tá eagraíochtaí a stiúrann an Rialtas mar chuid den earnáil ar a dtugtar an Earnáil Phoiblí. Tá daoine ó chúlraí éagsúla san earnáil phoiblí agus oibríonn siad le chéile chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Tugann muid moltaí agus cabhair i dtaca le Ranna Rialtais, hÚdaráis Áitiúla (m.sh. do chomhairle contae áitiúil) agus gníomhaireachtaí stáit a reáchtáil.
Is í an earnáil phríobháideach an chuid den gheilleagar a reáchtálann daoine aonair agus comhlachtaí chun brabús a dhéanamh agus níl smacht ag an stát uirthi, agus is cuid den earnáil dheonach iad carthanachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis.
Tá a lán gairmeacha ar fáil i níos mó ná ceann amháin de na hearnálacha seo, rud a chiallaíonn gur féidir úsáid a bhaint as scileanna agus taithí a fhaightear in earnáil amháin sna hearnálacha eile.
13. Cén ról atá ag Publicjobs.ie
Is é Publicjobs.ie an suíomh gréasáin ar a bhfógraíonn muid poist Státseirbhíse agus Seirbhíse Poiblí. Is ceann de na príomhbhealaí rochtana é do dhaoine a bhfuil suim acu i ngairm sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Is féidir le cuardaitheoirí poist cur isteach ar dheiseanna gairme trí publicjobs.ie de réir mar a thagann deiseanna chun cinn. Ina theannta sin, bainistíonn Publicjobs.ie an próiseas earcaíochta, ó staid an iarratais, trí staid na dtrialacha, trí staid an agallaimh agus go dtí go dtugtar tairiscint ar phost.
14. Cad é Rialtas na hÉireann?
Comhlíonann daoine atá fostaithe san Earnáil Phoiblí róil éagsúla, déanann siad cineálacha éagsúla post agus déanann siad obair thábhachtach. Fostaíonn Rialtas na hÉireann os cionn 300,000 duine chun seirbhísí poiblí a chur ar fháil do shaoránaigh na hÉireann. Maidir leis na seirbhísí poiblí seo, tá trí réimse i gceist:
- RRanna Rialtais, lena n-áirítear an Roinn Oideachais, an Roinn Sláinte, an Roinn Tithíochta, an Roinn Iompair, an Roinn Comhshaoil agus an Roinn Dlí agus Cirt, i measc rudaí eile (féach ar an ngrafaic faisnéise).
- Gníomhaireachtaí Stáit, a chuireann seirbhísí ar leith ar fáil, m.sh. FSS, An Garda Síochána agus RTÉ.
- Údaráis Áitiúla: Seans gur chuala tú trácht ar Chomairlí Cathrach nó ar Chomhairlí Contae. Is údaráis áitiúla iad seo.
Le tuilleadh eolais a fháil, téigh go: https://www.gov.ie/ga/cabhair/ranna/
15. Cad iad Gráid na Státseirbhíse?
Baineann gráid na státseirbhíse, ó ghrád an Oifigigh Chléireachais go grád an Ardrúnaí, le sinsearthacht agus le scálaí tuarastail, seachas le róil agus dualgais ar leith. Tá beagnach gach ról atá ar fáil san earnáil phríobháideach ar fáil sa státseirbhís chomh maith, agus socraítear do leibhéal sinsearthachta laistigh de struchtúr na heagraíochta de réir do ghráid, ó ghníomhaíochtaí oibríochta go ceannaireacht shinsearach.