
Deiseanna i réimse na TFC sa Státseirbhís
Tá sé mar fhís ag an Rialtas go n-aithneofar Éire mar cheannaire domhanda sa rialtas digiteach, trí sheirbhísí digiteacha den scoth a chur ar fáil. Tá os cionn 2,000 duine fostaithe i réimse na TFC sa státseirbhís sna 18 roinn rialtais agus i níos mó ná 20 oifig agus gníomhaireacht eile ar fud na tíre.
Tacóidh róil TFC sa státseirbhís le forbairt shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann, trí chórais a mbíonn dea-thionchar acu ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí a chruthú agus a chothabháil.
Mar fhostóir de rogha, cuireann an státseirbhís réimse leathan de thionscnaimh foghlama agus forbartha ar fáil do státseirbhísigh. Spreagtar baill foirne chun tabhairt faoi oiliúint agus chun teastais bhreise a bhaint amach ag leibhéil éagsúla ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí. Cabhraíonn sé seo le fostaithe a gcuid saineolais agus a ngairm a fhorbairt.
Tá iarrthóirí atá díograiseach, nuálach, uaillmhianach agus tiomanta agus atá sásta rudaí nua a fhoghlaim, a gcuid scileanna a fhorbairt agus dul i ngleic le deiseanna agus dúshláin i réimse de sheirbhísí poiblí, a bhíonn ag síorathrú, á lorg againn.
Deiseanna gairme:
Faigh eolas faoi na speisialtachtaí

Forbairt Bogearraí
Feidhmchláir a scríobh, a thástáil agus a chothabháil, bunachair sonraí a fhorbairt, cód tosaigh / ar thaobh an fhreastalaí a fhorbairt atá ag teastáil chun riar éifeachtach na heagraíochta a chinntiú. Leas a bhaint as teangacha agus creatlacha forbartha as a mbaintear úsáid chun na réitigh dhigiteacha is nua-aimseartha a chur ar fáil.

Infreastruchtúr agus Oibríochtaí
Tacaíocht agus comhairle dhíreach a thabhairt d’úsaideoirí deiridh; Tionscadail a chur i bhfeidhm agus crua-earraí, feidhmchláir agus córais oibríochta nua a rolladh amach; Cáipéisí cuimsitheacha teicniúla a chur le chéile agus a chothabháil.

Líonraí agus Cibearshlándáil
Riarachán agus diagnóisic i dtaca le hinfreastruchtúr líonraithe agus cibearshlándála na heagraíochta agus tacaíocht leanúnach a thabhairt dóibh; A chinntiú go bhfuil bearta cuí slándála i bhfeidhm chun réimse an rialtais dhigitigh a chosaint.

Rannpháirtíocht sa Ghnó Digiteach
Riachtanais ghnó a thuiscint, a thaifeadadh agus a dheimhniú; Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne soláthair; Éifeachtúlacht agus feabhsuithe soláthair seirbhíse a aithint, lena n-áirítear trí IS agus Uathoibriú Róbatach ar Phróisis a úsáid.
Faigh eolas faoi na buntáistí

Solúbthacht
Ag brath ar an gcineál oibre, cuireann roinnt oifigí socruithe i dtaca le huaireanta oibre solúbtha, socruithe postroinnte, socruithe pro-rata do bhliain oibre níos giorra nó socruithe maidir le sosanna gairme ar fáil.

Cuimsiú
Aithnímid agus tuigimid an tábhacht a bhaineann le lucht saothair a mhealladh atá freagrúil, sochaideartha, acmhainneach agus machnamhach maidir leis na pobail ar a bhfreastalaíonn sé.

Nuálaíocht
Cuirimid timpeallacht dhinimiciúil agus nuálach oibre ar fáil inar féidir leat a bheith páirteach in obair shuimiúil ón tús.

Difríocht a dhéanamh
Cuir le hobair fhiúntach a mbíonn tionchar díreach aici ar an tsochaí agus ar shaoránaigh.
Conair ghairme i réimse na TFC
Is lucht saothair ionchuimsitheach ina bhfuil éagsúlacht le brath é lucht saothair na státseirbhíse, agus bíonn deiseanna ann i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh agus scileanna a fhoghlaim agus a fhorbairt i ngairmeacha éagsúla. Tugann an ghrafaic faisnéise thíos léargas ar struchtúr na ngrád sa státseirbhís agus ar chonairí gairme atá ar fáil inti.
Faigh eolas ónár ndaoine