Is iad na comórtais thuas na comórtais ar féidir leat cur isteach orthu (má tá tú incháilithe).
Tá an comórtas seo á reáchtáil ag poistphoiblí, an soláthraí láraithe do sheirbhísí measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís agus don tSeirbhís Phoiblí, ar son an Gharda Síochána.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na comórtais seo agus chun breathnú ar na Critéir Cháilitheachta, léigh an Leabhrán/na Leabhráin Eolais chuí ar publicjobs.ie sula gcuireann tú iarratas isteach. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi ghairmeacha sa Gharda Síochána ar Garda.ie.
Tabhair faoi deara go mbeidh Seisiún Eolais ar an láthair ar siúl in Áras na Caibidle roimh an dáta dúnta. Ní thabharfar cuireadh chuig an seisiún seo ach d’iarrthóirí a chomhlíon agus a chuir iarratas isteach roimh 10r.n. ar an Luan 18 Bealtaine 2026. Seolfar tuilleadh sonraí chuig na hiarrthóirí cuí.
Má thagann tú isteach sa Gharda Síochána, athróidh an cinneadh seo do shaol agus beidh tionchar mór agat ar dhaoine eile. Nuair a thagann tú isteach, beidh dúshláin os do chomhair, beidh sásamh le baint as an obair, beidh scileanna nua le foghlaim agat agus buailfidh tú le cairde nua.
Mar bhall den Gharda Síochána, oibreoidh tú ar an líne thosaigh, agus tabharfaidh tú tacaíocht d’íospartaigh agus d’fhinnéithe, beidh tú ag obair i gcomhar le pobail, cuirfidh tú daoine ar a suaimhneas, agus cothóidh tú muinín.
Tugann gairm sa Gharda Síochána deiseanna ar fáil obair a dhéanamh i réimsí éagsúla, lena n-áirítear: Póilíneacht Phobail, Smacht agus Rialú Tráchta, Ord Poiblí, Dualgais mar Bhleachtaire, Coiriúlacht Eagraithe a fhiosrú, Ciontaí Calaoise agus Drugaí.
Mar oiliúnaí, tabharfaidh tú faoin gClár Bunoiliúna, i.e. an clár tosaigh oiliúna agus forbartha ina gcuirfear an oiliúint atá ag teastáil chun ról agus feidhmeanna an Gharda a chomhlíonadh ar fáil. Mar chuid den chlár, tabharfaidh tú faoi Chéim B.A. ag Leibhéal 7 sa Phóilíneacht Fheidhmeach, atá creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh agus beidh trí thréimhse oiliúna i gceist.
Íocfar liúntas de €354 sa tseachtain do Ghardaí faoi Oiliúint don tréimhse oiliúna (36 seachtaine). Cuirfear lóistín agus bia ar fáil agus Gardaí faoi Oiliúint ag cur fúthu i gColáiste an Gharda Síochána ón Domhnach go dtí an Aoine. Dearbhaítear Gardaí faoi Oiliúna i ndiaidh 36 seachtaine agus tosaíonn siad ar thuarastal de €39,194 sa bhliain, ag ardú, in incrimintí, go dtí €60,333 i ndiaidh 8 mbliana. Beidh incrimintí eile ar fáil ina dhiaidh sin. Cuirfear Gardaí ar Promhadh ag obair ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair an chloig), dona mbíonn liúntais sa bhreis ar fáil. Beidh ag deis ag Gardaí ragobair a dhéanamh (ráta: am go leith, ach amháin má dhéantar ar an Domhnach/ar lá saoire poiblí í - am dúbailte ar fáil sna cásanna sin). An Scéim Phinsin le Mearfhabhrú do bhaill (faoi éide) - ligeann an scéim seo duit sochair phinsin a chur le chéile ag ráta níos airde gach bliain.
I ndiaidh dóibh dearbhú a fháil, faigheann Gardaí ar Promhadh 29.5 lá de shaoire bhliaintúil ar íocaíocht gach bliain, laethanta saoire poiblí agus Aoine an Chéasta san áireamh. Beidh socruithe oibre solúbtha ar fáil le linn do ghairme (le cead ón lucht bainistíochta). Beidh rochtain agat ar thacaíochtaí cuimsitheacha folláine, ar an scéim ‘Dochtúirí de Rogha’ (clúdaíonn an Garda Síochána táille chomhairliúcháin an Dochtúra Ghinearálta) agus ar an scéim um Chúnamh Leighis. Beidh an deis agat a bheith páirteach i gcumainn agus i gclubanna éagsúla sa Gharda Síochána, a thabharfaidh deis duit tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sláintiúla agus beidh rochtain agat ar Chomhar Creidmheasa an Gharda Síochána.
Déanfaidh tú obair fhiúntach a mbíonn dea-thionchar aici ar shaoránaigh, ar phobail, agus ar an tsochaí. Is post iontach í an phóilíneacht agus bíonn éilimh ar leith i gceist. Gairm dhúshlánach as a bhfuil sásamh le baint atá i gceist, agus bíonn an deis ag Gardaí taithí nua agus shuimiúil a fháil.
Oibreoidh tú mar bhall de lucht saothair díograiseach ina bhfuil an éagsúlacht ag teacht chun cinn sa Gharda Síochána, atá díograiseach maidir leis an dlí agus an t-ord a chaomhnú agus maidir le freastal ar mhuintir na hÉireann. Tá an Garda Síochána tiomanta go hiomlán timpeallacht oibre ionchuimsitheach a chothú, ina ndéantar ceiliúradh ar an éagsúlacht agus ina gcaitear le chuile dhuine le dínit, meas agus cothromaíocht.
Beidh tú páirteach i dtimpeallacht oibre dhinimiciúil agus nuálach, agus bainfidh tú úsáid as fearas nua-aoiseach agus teicneolaíocht nua agus do chuid dualgas á gcomhlíonadh agat. Tugann gairm sa Gharda Síochána deis iontach duit a bheith mar bhall d’fhoireann nuálach, ardoilte agus thacúil a fhaigheann tacaíocht ó chúrsaí digiteacha.