Cuir Aithne ar Rebecca, Bainisteoir Cumarsáide sa Roinn Oideachais agus Óige.
Inis dúinn faoi do ról.
Mar Bhainisteoir Cumarsáide sa Roinn Oideachais agus Óige, tá mé i gceannas ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm na straitéisí cumarsáide a thacaíonn le polasaithe, cláir, agus tionscadail thábhachtacha. Bíonn orm cumarsáid shoiléir agus inrochtana a cheapadh do phobail éagsúla, agus caidreamh leis na meáin, imeachtaí, ábhar digiteach, teagmháil le páirtithe leasmhara, agus cumarsáid inmheánach a bhainistiú. Oibrím go dlúth le réimse páirtithe leasmhara éagsúla chun a chinntiú go léiríonn ár gcumarsáid tosaíochtaí agus luachanna ár Roinne, agus go dtacaíonn sí le torthaí níos fearr do leanaí, do dhaoine óga, agus do phobail scoile ar fud na tíre i ndeireadh na dála.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?
Chuir mé isteach ar an ról seo mar chéim nádúrtha i mo ghairm bheatha. Thug sé an deis dom an taithí chumarsáide a bhí faighte agam roimhe seo a fhorbairt, agus feabhas a chur ar mo scileanna maidir le pleanáil straitéiseach, teagmháil le páirtithe leasmhara, agus cumarsáid atá dírithe ar pholasaí. Ina theannta sin, bhí deis á lorg agam a chuirfeadh dúshlán proifisiúnta romham is a chabhródh liom mo ghairm san earnáil phoiblí a fhorbairt. Thug an ról ardán den scoth dom chun uasoiliúint a dhéanamh, tuilleadh freagrachtaí a ghlacadh, agus cur le hobair i réimse an oideachais agus na hóige ar bhealach stuama.
Cad í an ghné is luachmhaire de do phost?
Ó thaobh na ngnéithe is luachmhaire de mo phost de, is mór agam go bhfuil mé in ann obair a dhéanamh a mbíonn fíorthionchar buan aici ar dhaoine óga agus a dtodhchaí. Is rud tairbheach é a bheith ar an eolas go bhfuil na teachtaireachtaí a cheapann muid agus na straitéisí a chuireann muid i bhfeidhm in ann eolas a thabhairt do phobail, dul i dteagmháil leo, agus cumhacht a thabhairt dóibh. Ina theannta sin, is mór agam an deis atá agam comhoibriú le comhghleacaithe díograiseacha ar fud na roinne, agus an fhoghlaim leanúnach a thagann ó obair a dhéanamh i dtimpeallacht bheartais fhuinniúil agus shíorathraitheach. Bíonn dúshláin nua agus deiseanna fáis ann gach lá.
Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?
Buntáiste mór amháin a chuirtear ar fáil dom sa Roinn Oideachais agus Óige ná an rochtain ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus deiseanna uasoiliúna – trí oiliúint fhoirmiúil, trí mheantóireacht, nó trí fhoghlaim ag an obair. Bíonn tacaíocht láidir ann chomh maith ó thaobh socruithe oibre solúbtha de, rud a chabhraíonn linn cothromaíocht oibre agus saoil a choinneáil. Ó mo thaithí féin, bíonn an lucht ceannaireachta tacúil maidir le forbairt ghairme, agus bíonn conairí soiléire trínar féidir dul chun cinn a dhéanamh sa roinn. Toisc go bhfuil mé mar chuid de thimpeallacht oibre atá bunaithe ar luachanna is atá ionchuimsitheach, cuirtear leis an sásamh a bhainim as mo chuid oibre.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Thug an ról seo deiseanna luachmhara dom chun mo scileanna cumarsáide straitéisí a fhorbairt agus chun tionscadail chasta, shuaithinseacha a chur i bhfeidhm. Tá an deis faighte agam obair go dlúth le ceannairí sinsearacha, cur le tionscadail bheartais mhóra, agus a bheith i gceannas ar fheachtais a fhreastalaíonn ar phobail éagsúla ar fud earnáil an oideachais agus na hóige. Tá sé tar éis an deis a thabhairt dom mo chumas ceannaireachta a threisiú chomh maith, mo ghréasán proifisiúnta a mhéadú, agus tuiscint níos doimhne ar phróisis agus ar cheapadh polasaithe a fháil. Tá an taithí seo tar éis an-tionchar a bheith acu ar m’fhorbairt ghairme.
Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?
Is éard a chuir iontas orm ó thosaigh mé ag obair sa ról seo ná cé chomh héagsúil atá an obair agus cé chomh tapa a ghluaiseann sí ar aghaidh. Ní mar a chéile aon dá lá, agus b’éigean dom dul i dtaithí go tapa ar thosaíochtaí a bhíonn ag síorathrú agus spriocdhátaí dochta – agus ní mór dom é seo a dhéanamh agus mé ag obair le páirtithe leasmhara éagsúla. Ba dheas an t-ábhar iontais agam é chomh maith an oiread muiníne agus freagrachtaí a tugadh dom ón tús, rud a chuir feabhas tapa ar m’fhoghlaim agus m’fhéinmhuinín. Thar aon rud eile, tá na daoine anseo chomh díograiseach agus comhoibritheach, agus tá sé imithe i bhfeidhm go mór orm – is timpeallacht fhíorthacúil í, tríd agus tríd.
Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?
Thar aon ní eile, taitníonn sé liom go bhfuil mé in ann scéalta a insint mar chuid den ról –teachtaireachtaí soiléire, tarraingteacha a dhéanamh de pholasaí nó eolas cláir casta a théann i bhfeidhm ar phobail éagsúla. Bíonn sé tairbheach nuair a fheiceann tú go bhfuil an fhoireann chumarsáide ag déanamh difir midir leis an gcaoi a dtuigeann daoine is a ndéanann siad caidreamh le hobair na roinne. Ina theannta sin, baineann mé taitneamh as nádúr comhoibritheach an róil – ag obair le comhghleacaithe, saineolaithe ábhair, agus páirtithe leasmhara díograiseacha chun feachtais agus tionscadail a mbíonn tionchar mór acu a chur ar fáil. Cinntíonn an chruthaitheacht, an straitéise, agus an cuspóir atá i gceist go bhfuil an ról sásúil.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?
Mholfainn, cinnte! Cuireann an earnáil phoiblí seasmhacht poist láidir, conair ghairme shoiléir, agus timpeallacht thacúil ar fáil inar féidir leat forbairt phroifisiúnta a dhéanamh. Is áit iontach é do dhuine a bhfuil sé i gceist acu dea-thionchair a imirt agus gairm fhadtéarmach a chruthú.
Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?
Ní hamháin gur chabhraigh an ról seo liom forbairt phroifisiúnta a dhéanamh, ach threisigh sé an fonn atá orm difear mór a dhéanamh i saolta na ndaoine – ach go háirithe daoine óga. Tá an t-aistear seo an-tairbheach - na caidrimh a d’fhorbair mé, na dúshláin a sháraigh mé, agus an fhoghlaim leanúnach atá déanta agam. Más duine thú a bhfuil dúil mhór agat in obair fhiúntach, mholfainn duit machnamh a dhéanamh ar dheiseanna san earnáil seo – is féidir go mbeidh iontas ort faoin gcaoi a mbeidh tú in ann difear a dhéanamh agus cur leis an obair.