Cuir Aithne ar Leanne -Eacnamaí / Anailísí Beartais, An Roinn Airgeadais

 

Labhraíonn Leanne linn faoin gcaoi ar chinntigh a rannpháirtíocht sa chlár do chéimithe i SEMRÉ an tús is fearr dóibh ina ngairm mar eacnamaí agus faoin gcaoi a gcinntíonn a rannpháirtíocht i ngréasán Sheirbhís Eacnamaíochta agus Mheasúnaithe na hÉireann (SEMRÉ) go mbíonn éagsúlacht agus solúbhtacht le brath ina ról.

Inis dúinn faoi do ról.

Thosaigh mé ag obair sa Roinn Airgeadais in 2022 tar éis dom MSc a bhaint amach san Anailís Bheartais. Is ball den Rannóg Eacnamaíochta mé anois, ina n-oibrím ar an bhfoireann anailíse fioscaí.

Bíonn mo chuid oibre dírithe den chuid is mó ar bheartas cánach – tá réimsí cosúil le cáin chorparáideach, caiteachas cánach agus aon rud a bhaineann le cáin ioncaim san áireamh. Oibrím go dlúth leis an Rannóg Chánach chomh maith chun cabhrú leo tascanna éagsúla a chomhlíonadh, m.sh. foilseacháin réamhbhuiséid, ceisteanna faoi shonraí nó aon cheisteanna a bhaineann le hanailís bheartais.

Toisc go bhfuilimid páirteach i ngréasán Sheirbhís Eacnamaíochta agus Mheasúnaithe an Rialtais (SEMRÉ), tá solúbthacht agus éagsúlacht le brath i mo ról. Roimhe seo, d’oibrigh mé san Aonad um Bheartas agus Réamhaisnéisiú Maicreacnamaíoch, ina raibh mé ag díriú ar anailís a dhéanamh ar mhargadh fostaíochta na hÉireann agus ar réamhaisnéisiú don mhargadh seo.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?

Nuair a bhí mé i mbun an MSc, bhí a fhios agam go raibh fonn orm tús a chur le mo ghairm san earnáil phoiblí. Bhí sé an-tábhachtach dom polasaithe poiblí a chur le chéile ar bhealach níos fearr. Bhí suim mhór agam sa chomthéacs ginearálta eacnamaíochta, polaitiúil agus sóisialta agus bhí a fhios agam go gcuirfeadh mo shaineolas le hathruithe a chur i bhfeidhm i dtaca le gnáthcheisteanna eacnamaíochta.

Cad í an ghné is luachmhaire de do phost, dar leat?

Tá mé bródúil as an gcaoi a gcuireann mo chuid oibre anailíse le polasaithe náisiúnta a fhorbairt. Tuigim chomh maith go bhfuil an-mheas ar an gcaoi a gcuirim le measúnuithe. Spreagann an meas a léirítear ar mo thuairimí faoi thascanna - m.sh. eolas agus comhairle a thabhairt d’oifigigh shinsearacha agus d’Airí faoi chúrsaí reatha - mé, ach, níos tábhachtaí ná aon rud eile, is mór agam na deiseanna forbartha leanúnaí, idir fhorbairt ghairmiúil agus fhorbairt phearsanta, a chuireann SEMRÉ ar fáil dom, mar aon leis an tsolúbthacht i mo ról.

Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?

Mar aon le huaireanta oibre solúbtha, pinsean agus cinnteacht phoist - tuigeann SEMRÉ tábhacht na foghlama leanúnaí i gcomhthéacs na forbartha. Cuirtear cúrsaí foghlama éagsúla ar fáil i ngach réimse a chabhraíonn leat do chuid scileanna agus eolais a fhorbairt, m.sh. bogearraí samhaltaithe, Excel nó forbairt phearsanta. Cuirtear oiliúint ar fáil in aon réimse inar mhaith liom forbairt a dhéanamh ar mo chuid scileanna agus eolais, rud a chiallaíonn gur féidir liom a chinntiú go mbíonn mo chuid scileanna agus eolais mar eacnamaí á bhforbairt agam i gcónaí.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Trí SEMRÉ, ghlac mé páirt i gclár bliana do chéimithe, agus fuair mé post buan sa Roinn dá bharr.

Díríonn an clár do chéimithe ar na príomhinniúlachtaí atá ag teastáil chun obair éifeachtach a dhéanamh sa Státseirbhís. Tá oiliúint ionduchtaithe i gceist agus freastalaíonn rannpháirtithe ar mhodúil ardoiliúna agus ar mháistir-ranganna, agus baineann siad cáiliochtaí acadúla sa bhreis amach, srl.; rinne mé roinnt mhaith cúrsaí oiliúna agus tá sé i gceist agam dioplóma gairmiúla i gcúrsaí cánach, a chuireann Institiúid Chánach na hÉireann ar fáil, a dhéanamh an bhliain seo chugainn agus tá maoiniú iomlán á dhéanamh ag an roinn air sin.

Tugadh an deis dom oibriú i róil éagsúla chomh maith, m.sh. réamhaisnéisiú a dhéanamh ar mhargadh fostaíochta na hÉireann.

Thug mo ról an deis dom a bheith acmhainneach agus cruthaitheach, agus modhanna nua a úsáid chun fadhbanna a réiteach agus cinntí a dhéanamh chun a chinntiú go dtagann scoil smaointeoireachta a mbíonn forbairt á déanamh uirthi i gcónaí le ceisteanna eacnamaíochta a bhíonn ag síorathrú.

Cuireann mo ról roinnt deiseanna eile ar fáil dom, m.sh. an deis freastal ar chomhdhálacha agus sheimineáir ag a gcuirim mo chuid oibre i láthair agus ag a bhfaighim aiseolas ó eacnamaithe cumasacha, idir eacnamaithe inmheánacha agus seachtracha.

Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?

Bainim sult as an tsolúbthacht, a thugann an deis dom a bheith ag obair ar thascanna éagsúla ag leibhéil éagsúla chastachta.

Ina theannta sin, bainim sult as gné shóisialta mo phoist, .i. ag freastal ar imeachtaí agus sheimineáir, ach, go ginearálta, is maith liom mo thimpeallacht oibre, is maith liom sprid na Roinne agus pobal SEMRÉ agus an dea-chaidreamh atá le brath idir comghleacaithe.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?

Má tá fonn ort cur go dearfach le geilleagar agus sochaí dhea-eagraithe, mholfainn gairm den chineál seo duit, cinnte.

Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?

Bíonn sé deacair gairm a roghnú, ach de bharr gur ghlac mé páirt i gclár SEMRÉ do chéimithe, chuir mé tús iontach le mo ghairm mar eacnama.