Buail le Meadbh - Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána

 

Insíonn Meadbh dúinn conas is féidir úsáid a bhaint as na blianta taithí atá acu i seirbhís do chustaiméirí sa ról mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána, agus faoi na deiseanna a thug an ról dóibh.

Inis dúinn faoi do ról.

Mar Oibritheoirí Seomra Rialaithe, feidhmímid mar phríomhphointe teagmhála leis an nGarda Síochána. Bíonn sé mar aidhm againn an t-eolas cuí uilig a bhailiú faoi na heachtraí a thuairiscítear. Cuirimid an t-eolas sin isteach sa chóras GardaSafe ansin, chun go dtuigeann na hAonaid a sheoltar amach cad atá ag tarlú sula sroicheann siad an suíomh.

De bharr an róil atá i gceist, is minic a bhímid ag caint le daoine agus iad ag fulaingt; uaireanta ar an lá is measa ina saol. Tá sé fíorthábhachtach go mbímid tuisceanach agus muid ag plé le glaoiteoirí, ach go mbímid gairmiúil agus oibiachtúil chomh maith chun gur féidir linn cabhrú leo a bhfadhbanna a réiteach. Bíonn sé seo dúshlánach uaireanta, go háirithe le daoine atá ag fulaingt de bharr na coireachta tromchúisí, ach chun cúnamh a thabhairt dóibh, ní mór dúinn a bheith in ann na fíricí a fháil chun an fhreagairt is fearr a chinntiú.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?

Bhí an-suim agam sa ról mar oibritheoir glaonna toisc go raibh fonn orm a bheith ag obair i bpost inar féidir liom cabhrú le daoine eile. Bhí taithí na mblianta agam i réimse na seirbhíse do chustaiméirí, agus bhraith mé go mbeinn oiriúnach de bharr na scileanna a bhí foghlamtha agam.

Cad í an ghné is luachmhaire de do phost?

An deis cabhrú le daoine agus iad ag fulaingt, uaireanta ar an lá is measa ina saol. Tá sásamh le baint as an bpost toisc gur féidir leat smacht a fháil ar an gcás agus eolas a bhailiú agus dea-thionchar a imirt ar thoradh eachtra éigeandála.

Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?

Nuair a oibríonn tú ar phatrún sealoibre (4 lá ag obair, 4 lá shaora), bíonn solúbthacht agat i do shaol pearsanta. Bíonn a lán ama shaoir agat, rud a chiallaíonn gur féidir leat caitheamh aimsire a bheith agat. Tugann an tseirbhís um chúnamh d’fhostaithe tacaíocht agus cúnamh do gach ball foirne maidir le deacrachtaí oibre agus pearsanta a bhainistiú agus a réiteach chun dea-shláinte agus dea-fholláine a choinneáil. Is buntáiste mór é an tacaíocht a fhaigheann tú ó phiaraí san oifig nuair a thosaíonn tú sa ról agus le linn do ghairme.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Bhain mé taitneamh as an deis foghlaim faoi chórais TF nua agus córais TF nua a úsáid agus mo scileanna idirphearsanta a fhorbairt trí ghlaonna deacra agus cabhrú le daoine atá i gcruachás.

Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?

An ról tábhachtach atá ag an nGarda Síochána maidir le dul i ngleic le heachtraí éigeandála, lena n-áirítear otharchairr agus briogáidí dóiteáin, mar aon le sláinte agus folláine dhaoine.

Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?

Is maith liom an éagsúlacht atá le brath sa phost agus an chaoi a mbíonn gach lá difriúil.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?

Mholfainn post sa Gharda Síochána, cinnte. An fhoireann lena mbíonn tú ag obair, buntáistí an phoist agus na deiseanna gairme a chuirtear ar fáil.