Buail le Megan - Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána

 

Insíonn Megan dúinn faoina ról mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána agus faoi na rudaí is mó a bhfuil meas acu sa ról, agus faoi chuid de na buntáistí a bhaineann leis.

Inis dúinn faoi do ról.

Mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána, feidhmíonn tú mar phríomhphointe teagmhála le linn eachtra éigeandála dona bhfuil cabhair ó na Gardaí ag teastáil. Mar oibrí seomra rialaithe, caithfidh tú an t-eolas cuí uilig a bhailiú trí úsáid a bhaint as scileanna éifeachtacha éisteachta agus ceistiúcháin. Cuirtear an t-eolas seo isteach sa chóras GardaSafe ansin. Tá sé fíorthábhachtach a bheith cúramach, cineálta agus tuisceanach sa ról seo, toisc go mb’fhéidir go mbeidh tú i dteagmháil le duine ar an lá is measa ina saol.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?

Bhí an-suim agam i gcónaí cabhrú le daoine eile agus teagmháil a dhéanamh le baill den phobal. Bhí suim agam i gcónaí dul ag obair leis an nGarda Síochána, agus nuair a chuir mé isteach ar an ról ar dtús, bhí mé fiosrach faoin obair a bheadh i gceist agus tú ag feidhmiú mar phríomhphointe teagmhála, agus bhí fonn orm tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an Garda Síochána ón taobh istigh.

Cad í an ghné is luachmhaire de do phost?

Is maith liom an córas tacaíochta a chuirtear ar fáil duit sa réimse oibre seo. Cuirtear líonra tacaíochta ar fáil do gach ball foirne agus iad faoi bhrú. [Is maith liom] a bheith ag obair le foireann thacúil atá mór le chéile agus a bhíonn sásta cabhrú lena chéile i gcónaí chomh maith.

Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?

Ceann de bhuntáistí na gairme seo ná an t-uainchlár...ceithre lá ag obair agus ceithre lá shaora. Agus tú saor ar feadh ceithre lá, bíonn an deis agat do scíth a ligean, do shuaimhneas a ghlacadh agus rudaí sóisialta a dhéanamh.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Chuir mé isteach ar an gcúrsaí atá dírithe ar an bPóilíneacht agus Dhlí na gCeart Daonna, a chuirtear ar fáil do gach ball foirne sa réimse, le déanaí. Is gradam speisialta ag leibhéal 8 é seo, a sholáthraíonn Ollscoil Luimnigh agus a fhaigheann maoiniú iomlán ón nGarda Síochána. Tugann an cúrsa seo deis duit eolas a fhorbairt sa réimse ar leith seo. Nuair a chomhlíonann tú an cúrsa, bronntar cáilíocht ort.

Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?

Ní mar a chéile aon dá lá. Bíonn dúshláin nua romhat i gcónaí, agus bainim sult as sin.

Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?

Bainim sult as teagmháil a dhéanamh leis an bpobal. Mar phríomhphointe teagmhála le linn éigeandála, braithim go mbíonn tionchar mór agat ar na daoine lena mbíonn tú ag caint, nuair a éisteann tú leo, nuair a dhéanann tú iarracht iad a chur ar a suaimhneas agus iad ag iarraidh déileáil le heachtra dheacair.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?

Mholfainn; tá neart buntáistí ag baint leis an bpost seo agus tá neart córas tacaíochta ar fáil. Ag obair le foireann chun tacaíocht a thabhairt agus ag obair go dlúth leis an bpobal...is buntáiste mór é sin a bhaineann leis an bpost seo.