Cuir aithne ar Rabeea - Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais

 

Labhraíonn Rabeea linn faoina bpost mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais, lena n-áirítear obair a dhéanamh chun beartas a chur le chéile, anailís a dhéanamh ar bheartas, taighde a dhéanamh agus faoi chuid de na fáthanna ar chuir siad isteach ar an ról agus faoi na rudaí a chuir iontas orthu.

Inis dúinn faoi do ról.

Táim ag obair mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais. Tá éagsúlacht le brath i mo ról agus tá na freagrachtaí seo a leanas orm (ní liosta iomlán é seo): obair a dhéanamh ar pholasaithe a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar pholasaithe, taighde a dhéanamh agus tacaíocht riaracháin a thabhairt, agus a chinntiú go gcomhlíontar obair ar ardchaighdeán riaracháin.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?

Ceapaim gur chuir mé isteach ar an ról seo ar roinnt cúiseanna éagsúla. Ar dtús báire, bhí an-suim agam obair a dhéanamh sa Státseirbhís, agus bhí suim ar leith agam i ngnéithe beartais agus rialála an Airgeadais. Ar an dara dul síos, ba léir dom ón gcur síos ar an bpost seo go bhfaighinn taithí éagsúil agus go gcuirfí dúshláin intleachta romham, agus bhí an-suim agam i bpost den chineál sin.

Cad í an ghné is luachmhaire de do phost, dar leat?

Mar fhostaí, táim an-bhuíoch as an gcultúr eagraíochta ginearálta san ionad oibre atá dearfach agus as tacaíocht na foirne. Thosaigh mé sa ról seo sé mhí ó shin, agus táim an-bhródúil as tiomantas na roinne i dtaca le freasatal ar agus cur le folláine an phobail agus i dtaca le hardchaighdeán ionracais agus freagrachta a choinneáil mar aon le meas ar an éagsúlacht.

Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?

Forbairt Ghairmiúil: Tugann an roinn tacaíocht do gach fostaí maidir le forbairt ghairmiúil agus foghlaim, bunaithe ar a riachtanais oibre féin, i dtaca le huasoiliúint agus le hoiliúint.

Socruithe Solúbtha Oibre: Cuireann an roinn socruithe solúbtha oibre ar fáil agus cabhraíonn sé seo liom cothromaíocht oibre agus saoil a bhaint amach.

Tionscnaimh um Fholláine na bhFostaithe: Tá an roinn tiomanta d’fholláine na bhfostaithe agus, mar sin, cuirtear roinnt tionscnamh ar fáil chun tacú le folláine na bhfostaithe. Tá seiceálacha folláine éagsúla, cianobiar, seiceálacha eirgeanamaíochta agus tacaíocht agus cóiríocht réasúnta bunaithe ar chúinsí an duine aonair.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Mar chuid de mo ról, tá deiseanna iontacha ar fáil dom i dtaca le forbairt ghairmiúil leanúnach (FGL). Tá neart deiseanna maoinithe ann i dtaca le cúrsaí uasoiliúna tríd an ardán One Learning, mar aon le hacmhainní eile. Toisc go bhfuil cúlra agam sa saol acadúil, aithním an tábhacht a bhaineann le bheith ar an eolas faoi theicneolaíochtaí nua, faoi threochtaí sa tionscal, agus faoi na dea-chleachtais atá ag teacht chun cinn agus leis an luach a bhaineann le teicneolaíochtaí, treochtaí agus dea-chleachtais den chineál seo i mo ról mar státseirbhís.

Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?

Cuireann an leibhéal tacaíochta a fhaightear ón bhfoireann agus ó phiaraí sa roinn iontas orm. Tá cultúr ina leagtar béim ar an gcomhoibriú, an meantóireacht, an tacaíocht agus tiomantas i dtaca le timpeallacht ina bhfuil an éagsúlacht agus an cuimsiú chun cinn, ina gcuirtear fáilte roimh gach fostaí, ó chúlraí éagsúla, is cuma cén aois iad, is cuma cén inscne iad, is cuma cén cine óna dtagann siad nó cén eitneacht atá acu.

Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?

Bainim taitneamh as a bheith i mo státseirbhís. Go háirithe, bainim sult as a bheith páirteach ar fhoirne a oibríonn go díograiseach ar pholasaithe agus ar reachtaíocht a mbeadh dea-thionchar acu ar dhaoine anois, ach amach anseo chomh maith.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?

Mholfainn gairm sa státseirbhís d’éinne, cinnte, go háirithe má tá suim acu sa tseirbhís phoiblí, i bpolasaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus más mian leo dul i ngleic le riachtanais ghnó dhúshlánacha agus éagsúla a bhaineann leis an ról.