Labhraíonn Seán linn faoin ról atá aige mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Chánach sa Roinn Airgeadais. Bhí baint ag Seán le roinnt tascanna, lena n-áirítear treoir eolais a ullmhú don Aire Airgeadais mar chuid den Bhille Airgeadais, 2023, agus obair a dhéanamh ar thuairisciú na Roinne i dtaca le Caiteachas Cánach.
Inis dúinn faoi do ról.
Mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Chánach sa Roinn Airgeadais, bhí baint agam le tascanna éagsúla, lena n-áirítear treoir eolais a ullmhú don Aire Airgeadais mar chuid den Bhille Airgeadais 2023, obair a dhéanamh ar thuairisciú Caiteachais Chánach don Roinn, mar aon le hobair a dhéanamh ar sheirbhís Chostála do Pháirtithe Polaitíochta. Bhí an deis agam a bheith i láthair sa Dáil agus sa Seanad ag céimeanna éagsúla den phróiseas reachtaíochta.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?
Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí reatha agus bhain mé taitneamh as staidéar a dhéanamh ar an maicreacnamaíocht agus ar an eacnamaíocht réigiúnach mar chuid de m’fhochéim. Chuir mé isteach ar an ról seo toisc gur cheap mé go dtabharfadh na dualgais a bheadh á gcomhlíonadh agam deis dom obair a dhéanamh i réimsí a raibh suim agam iontu.
Cad í an ghné is luachmhaire de do phost?
Bainim taitneamh as na tascanna éagsúla a chomhlíonaim. De bharr an róil atá agam, bíonn tascanna nua le déanamh gach seachtain ar cheisteanna tábachtacha a bhíonn i mbéal an phobail i sochaí na hÉireann.
Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?
Cuireann an Roinn neart deiseanna oiliúna agus oideachais bhreise ar fáil. Táim cláraithe do Dhioplóma Gairmiúil sa Bheartas agus sa Chleachtas Cánach agus beidh an deis agam deiseanna Máistreachta a thapú nuair atá sé críochnaithe agam.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Thug an ról seo an deis dom páirt a ghlacadh sa phróiseas reachtaíochta don Bhille Airgeadais, 2023, lena n-áirítear obair a dhéanamh ar threoir eolais, foilseacháin a ulmmhú do Lá an Bhuiséid agus a bheith i láthair sa Dáil agus sa Seanad.
Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?
Chuir an leibhéal muiníne a bhí ag mo chomhghleacaithe, a bhfuil níos mó taithí acu, asam, agus an leibhéal freagrachta a thugtar dom ón tús iontas orm. Bhí an deis agam cur go díreach le hobair thábhachtach sa Roinn.
Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?
Bainim sult as páirt a ghlacadh sa agus cur leis an bpróiseas polaitíochta, m.sh. a bheith i láthair sa Dáil agus sa Seanad chun cabhrú leis an Aire le linn an phróisis reachtaíochta.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?
Mholfainn gairm san earnáil phoiblí, cinnte, toisc go gcuirtear neart deiseanna oideachais bhreise ar fáil.
Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?
Go ginearálta, tá an ról mar OR sa Roinn Airgeadais an-éagsúil ón gcineál róil a raibh mé ag súil leis. Tá sé suimiúil agus thug gach duine sa Roinn tacaíocht dom agus spreag siad mé.