Cuir aithne ar James - Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Eacnamaíochta sa Roinn Airgeadais

 

Labhraíonn James linn faoina ról mar Oifigeach Riaracháin sa Rannóg Eacnamaíochta sa Roinn Airgeadais agus faoin gcaoi a gcuireann na cúrsaí oiliúna atá ar fáil lena scileanna agus n-eolas.

Inis dúinn faoi do ról.

Táim ag obair sa Rannóg Eacnamaíochta sa Roinn Airgeadais. Tá roinnt freagrachtaí orm, lena n-áirítear treoir eolais a ullmhú faoi cheisteanna beartais leanúnacha, Ceisteanna Parlaiminte agus iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a fhreagairt, agus taighde a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de gheilleagar na hÉireann.

Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?

Bhraith mé go raibh riachtanais an róil agus na deiseanna a leagadh amach don tSraith d’OR i réimse an Ghnó agus an Airgeadais an-oiriúnach domsa, i dtaca leis na scileanna atá agam. Bhí mé tar éis céim a bhaint amach le déanaí agus bhí cúlra agam in obair eimpíreach agus chainníochtúil ón ollscoil, ach bhí suim mhór agam sa bheartas poiblí chomh maith agus, dá bharr seo, cheap mé go mbeadh an post seo an-oiriúnach.

Cad í an ghné is luachmhaire de do phost, dar leat?

Táim an-bhuíoch go bhfuilim ag obair i ról ina ndéanaim obair a mbainim an-sult aisti. Is féidir liom am a chaitheamh ar thionscadail fhadtéarmacha shuimiúla, agus, ag an am céanna, páirt a ghlacadh i bhfreagairtí ar eachtraí a tharlaíonn ó lá go lá.

Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?

Tá rochtain agam ar chúrsaí oiliúna den chéad scoth (lena n-áirítear cúrsaí bunaithe ar an scríbhneoireacht ghairmiúil, cúrsaí bunaithe ar an bpleanáil ghairme san earnáil phoiblí agus cúrsaí oideachais bunaithe ar an reachtóireacht), a thugann an deis dom cur le mo chuid eolais agus scileanna. Tá a lán solúbthachta ag baint le mo ról, agus bíonn an deis agam obair a dhéanamh ón mbaile, leis an bhfearas cuí uilig.

Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?

Mar OR, bhí an deis agam foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn an Státseirbhís agus cur le freagairt na Státseirbhíse ar dhúshláin leanúnacha. Bhí sé de phribhléid agam bualadh le hionadaithe idirnáisiúnta a thugann cuairt ar Éirinn chomh maith.

Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?

Glacadh liom mar bhall den fhoireann go sciobtha agus tugadh freagrachtaí tábhachtacha dom go sciobtha, rud a chuir iontas orm. Níor tugadh obair neamhoilte dom riamh agus níor coinníodh amach as comhráite tábhachtacha mé, agus bhí mé an-bhuíoch as sin.

Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?

Is maith liom éagsúlacht na dtascanna a thugtar dom mar OR, a bhíonn dírithe ar cheisteanna éagsúla. De bharr an róil atá agam, ní bhíonn na tascanna céanna a bhíonn dírithe ar na ceisteanna céanna á gcomhlíonadh agam i gcónaí, rud a chiallaíonn gur féidir liom díriú ar mo chuid oibre i gcónaí.

An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?

Mholfainn an earnáil phoiblí go hard d’éinne a bhfuil post fiúntach uathu ina bhfuil deiseanna gairme iontacha ar fáil. Tá an obair suimiúil agus tá sásamh le baint aisti, agus bíonn tacaíochtaí éagsúla ar fáil i gcónaí. Ar deireadh, tá an t-ádh orm a bheith ag obair le comhghleacaithe atá an-chabhrach agus an-chairdiúil, a chinntíonn go nglactar le hearcaithe nua mar bhall den fhoireann go sciobtha.

Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?

Bhí an próiseas earcaíochta a reáchtáil an tSCP an-soiléir agus bhí struchtúr maith air d’iarrthóirí. Tugadh eolas faoi dhátaí agus sonraí faoi mheasúnuithe/agallaimh in am tráth, agus tugadh a lán aiseolas i ndiaidh gach céime.