Labhraíonn Nigel linn faoin gcaoi ar chuir sé isteach ar phost mar Oifigeach Riaracháin sa Roinn Airgeadais de bharr go raibh suim aige i gcúrsaí beartais agus faoin gcaoi ar cuireadh neart deiseanna ar fáil dó a chuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt trí oiliúint a bhaineann leis an bpost agus trí oideachas breise foirmiúil.
Inis dúinn faoi do ról.
Táim i mo shéú bliain sa Rannóg Bhaincéireachta sa Roinn Airgeadais. Ar dtús, chaith mé ceithre bliana ag obair ar an bPleanáil agus ar fhreagairtí i dtaca le Géarchéimeanna, ag obair go dlúth le hoifigigh ón mBanc Ceannais agus ón NTMA. Ó shin, táim ag obair ar Chosaint Airgeadais do Thomhaltóirí agus ar Chreidiúint do Thomhaltóirí, lena n-áirítear riaráistí morgáiste.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?
Thosaigh mé ag obair sa Roinn Dlí mar Oifigeach Inimirce (grád an Oifigigh Chléireachais), agus bhain mé sult as sin, ach bhí fonn orm a bheith páirteach i mbeartas a chur le chéile, in ionad soláthair seirbhíse. Fuair mé amach gur féidir le ceann amháin acu sin cur leis an gceann eile, áfach.
Cad í an ghné is luachmhaire de do phost, dar leat?
Is maith liom an chaoi ar féidir liom a bheith cinnte go mbíonn dea-thionchar ag an obair a dhéanaim ar an tsochaí, toisc go mbíonn sé mar aidhm againn rudaí a fheabhsú dár saoránaigh.
Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?
Toisc gur fhulaing mé féin de bharr na Géarchéime Airgeadais Móire agus toisc nach raibh mé ag obair le roinnt blianta, rud a chiallaigh go raibh orm tosú as an nua arís, ní fhéadfainn moladh a dhotháin a thabhairt don chompord a mhothaím de bharr na seasmhachta a bhaineann le bheith ag obair don rialtas.
Ina theannta sin, tá patrúin éagsúla ar fáil a oireann do theaghlaigh, m.sh. bliain oibre níos giorra, sosanna gairme, obair leathama, seachtainí 4 lae, nó socruithe atá de dhíth ortsa agus ar do theaghlaigh chun freastal ort ag céimeanna éagsúla i do shaol. Tá cothromaíocht iontach oibre agus saoil i gceist.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Tugadh neart deiseanna dom forbairt a dhéanamh ar mo chuid scileanna agus inniúlachtaí trí oiliúint a bhaineann leis an bpost agus trí oideachas breise foirmiúil.
Ó thosaigh mé, chríochnaigh mé dhá dhioplóma ghairmiúla agus céim mháistreachta gan aon chostas a tharraingt orm féin. Bhí an deis agam taisteal chuig an mBruiséil chun páirt a ghlacadh i reachtaíocht an AE a fhorbairt.
Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?
Chuir an éagsúlacht i m’ionad oibre iontas orm. Tagann dúshláin nua chun tosaigh i gcónaí, a léiríonn na rudaí atá ag tarlú ar domhan. Ar an dea-uair, tá gairmithe cliste, nuálacha, díograiseacha timpeall orm, atá tiomanta don tseirbhís phoiblí.
Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?
Is breá liom an chaoi a dtagann dúshláin nua chun tosaigh i gcónaí agus an chaoi a mbíonn tionscadail nua le soláthar i gcónaí. Tá an obair suimiúil agus, i ról an Oifigigh Riaracháin, is féidir leat cur go mór le polasaithe a fhorbairt agus cuirfear do chuid tuairimí agus smaointe san áireamh. Tá a lán freagrachta agus neamhspleáchais ag baint leis an ról, a bheidh oiriúnach do dhaoine ar mhaith leo beartas poiblí a fheabhsú.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?
Mar aon leis an tseasmhacht, tá deiseanna iontacha ann maidir le féinfhorbairt agus dul chun cinn gairme.
Tabharfaidh an tseirbhís féin agus do chomhghleacaithe tacaíocht duit, m.sh. oiliúint agus comhairle maidir le dul chun cinn gairme. Agus an príomhrud ná gur féidir leat sásamh a bhaint as do chuid oibre.
Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?
Níor thug mé faoi oideachas tríú leibhéal go dtí go raibh mé i mo 20idí déanacha. Bhí mé 38 mbliana d’aois nuair a thosaigh mé sa tseirbhís. Níor thuig mé níos luaithe na rudaí a thuigim anois, ach, as na poist nó gairmeacha uilig a bhí agam, bainim an sásamh is mó as an bpost seo. Tá aiféala orm nár thosaigh mé sa tseirbhís níos luaithe.