poistphoiblí tar éis freastal ar Aonach Gairmeacha gradireland san RDS chun Deiseanna do Chéimithe sa Státseirbhís a chur chun cinn

 


D’fhreastail poistphoiblí ar Aonach Gairmeacha gradireland a reáchtáladh san RDS, Cúirt Shíomóin, ar 8 Deireadh Fómhair 2025. Is é an t-aonach bliantúil seo an t-imeacht gairmeacha is mó dá leithéid in Éirinn, ag a mbíonn cuid mhaith de na fostóirí agus na soláthraithe iarchéime is mó in Éirinn.

Bhíomar ann chun na buntáistí a bhaineann le gairm sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí a phlé agus pléadh, mar aon le roinnt mhaith ceisteanna faoi na róil atá ar fáil, an chaoi ar féidir iarratas a chur isteach. Léiríodh suim mhór sa chomórtas do Dheiseanna do Chéimithe - Oifigigh Riaracháin (Ghinearálta) 2025. Tá an comórtas seo beo faoi láthair; is é an 3 Samhain 2025 an dáta dúnta.

Is é an ról seo an príomhgrhád earcaithe do chéimithe sa Státseirbhís agus bíonn an deis ag iarrthóirí a cheapfar dul chun cinn gairme a dhéanamh trí dhul ar aghaidh chuig ról meánbhainistíochta. Mar Oifigeach Riaracháin, bheadh ról ríthábhachtach agat maidir le beartas agus straitéis a fhorbairt sna réimsí seo a leanas: cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí airgeadais, cúrsaí idirnáisiúnta, cúrsaí timpeallachta agus cúrsaí sóisialta. Beidh an deis ag na daoine a cheapfar athruithe tábhachtacha a chur i bhfeidhm sa Státseirbhís agus cabhair a thabhairt chun athruithe atá ag tarlú in Éirinn a mhúnlú. Ina theannta sin, beidh an deis agat tuiscint dhomhain a fháil ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm bheartas an rialtais.