Bí i d’Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána – Is Post Fiúntach É

 

Is é an Garda Síochána seirbhís náisiúnta phóilíneacha na hÉireann. Eagraíocht atá bunaithe sa phobal atá ann ina bhfuil os cionn 17,000 Garda agus fostaí, a fhreastalaíonn ar gach earnáil den phobal. Eisceacht is ea AGS i gcomparáid le seirbhísí póilíneachta idirnáisiúnta mar chomhlacht aonadach atá freagrach as slándáil an Stáit agus as seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil.

Tá an Garda Síochána bródúil as an obair a dhéanannn siad go traidisiúnta, ag freastal ar phobail agus ag cosaint an Stáit trí sheirbhísí ball den Gharda Síochána, trí sheirbhísí ball cúltaca, agus trí sheirbhísí ball foirne de chuid an Gharda Síochána atá díograiseach i dtaca le seirbhís shásúil phóilíneachta agus slándála a chur ar fáil. Is gné lárnach de shochaí dhaonlathach agus fhorásach é seo. Tá An Garda Síochána lonnaithe sa phobal agus is cuid den phobal é agus is cuid fíorthábhachtach den eagraíocht an phóilíneacht sa phobal.

Ról an Oibrí Seomra Rialaithe

Tá deiseanna anois leis an eagraíocht do bhaill foirne ar mhaith leo a bheith ag obair mar Oibrithe Seomra Rialaithe i gceithre seomra rialaithe réigiúnacha, i gCeantar Uirbeach Átha Cliath, i gCeantar an Oirthir, i gCeantar an Iarthuaiscirt agus i gCeantar an Deiscirt chun glaonna éigeandála 999/112 a fhreagairt agus chun freagairt chuí a thabhairt ar gach eachtra. Tá na seomraí rialaithe lonnaithe i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, agus i bPort Láirge agus oibríonn siad sna ceithre cheantar.

Nuair a dhéantar glaonna 999/112, ceanglaítear glaoiteoirí le hOibrí Seirbhíse Éigeandala, a chuireann iad ar aghaidh díreach chuig an tseirbhís éigeandála chuí, m.sh. an tSeirbhís Otharcharranna, an tSeirbhís Dóiteáin, An Garda Síochána srl. Nuair a cheanglaítear iad leis an nGarda Síochána, déileálann Oibrithe Seomra Rialaithe leis na glaonna. Pléann Oibrithe Seomra Rialaithe le glaonna éigeandála agus le hiarratais eile ar chabhair ón bpobal.

Yvonne Cooke, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Gníomhach na nAcmhainní Daonna agus na Forbartha Daoine, An Garda Síochána,

Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an comórtas seo beo. Is ról fíorthábhachtach é ról an Oibrí Seomra Rialaithe don eagraíocht agus cuireann an ról seo go mór le sábháilteacht an phobail. Cuir iarratas isteach, nó roinn an fógra le daoine eile toisc gur post fiúntach é.’

Tá ról an Oibrí Seomra Rialaithe ag grád an Oifigigh Chléireachais sa Státseirbhís. Cuirfear oiliúint iomlán ar fáil d’iarrthóirí a n-éiríonn leo. Tá sé beartaithe painéil a bhunú ónar féidir folúntais a thagann chun cinn sa Gharda Síochána a líonadh.

Cuirfear deireadh leis an tréimhse iarratais chomórtas earcaíochta na bliana 2023 ag a 3i.n. ar an Déardaoin 11 Eanáir. Tá sonraí uile an róil, lena n-áirítear riachtanais cháilitheachta ar leith ar fáil thíos.