Cuireann os cionn 6,300 duine isteach ar chomórtas do Ghardaí - Bhí thart ar 2,300 iarrthóir idir 35 bliana agus 49 mbliana d’aois

 



Chuir thart ar 6,380 (6,381) duine isteach ar fheachtais earcaíochta do Ghardaí le déanaí.

Níor cuireadh an feachtas earcaíochta do Ghardaí ar siúl ach deich mí ó shin, agus chuir thart ar 5,000 duine iarratas isteach.

An chéad chomórtas i ndiaidh chinneadh an Rialtais i dtaca leis an teorainn aoise d’iontrálaithe ar mhaith leo iarratas a chur isteach chun a bheith ina nGarda faoi Oiliúint a mhéadú ó 35 bliana go 50 bliain d’aois a bhí ann.

Tháinig beagnach 37% (36.6%) d’iarratas ar chomórtas na bliana 2024 isteach ó dhaoine idir 35 bliana agus 49 mbliana d’aois.

Dúirt Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, roimhe seo go mbeadh deis ag daoine a cheap gur chaill siad an seans nó a bhí ag smaoineamh ar athrú gairme dul isteach sa Gharda Síochána de bharr go raibh an teorainn aoise á méadú go 50 bliain d’aois don fheachtas seo.

Dúnadh an feachtas earcaíochta is déanaí do Ghardaí, atá á reáchtáil ag poistphoiblí ar son an Gharda Síochána, ag a 3i.n. ar an 8 Feabhra 2024.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag urlabhraí don Gharda Síochána: “Deimhníonn leibhéal na n-iarratas a tháinig isteach, in ainneoin gur reáchtáladh an comórtas roimhe seo níos lú ná bliain ó shin, mar aon leis an bhfíric go raibh níos mó ná 2,000 iarrthóir níos sine ná 35 bliana d’aois gur mhaith le daoine a bheith ina nGardaí fós agus gur post fiúntach atá ann.”

Tabharfaidh iarrthóirí faoi phróiseas roghnaithe iomaíoch anois, ina mbeidh céimeanna éagsúla, lena n-áirítear trialacha inniúlachta (Céim 1), agallamh atá bunaithe ar inniúlachtaí (Céim 2), agus tástáil chorpacmhainne (Céim 3).

Tá sé beartaithe feachtais earcaíochta do Ghardaí a reáchtáil gach bliain chun a chinntiú go mbíonn Gardaí faoi Oiliúint ag dul isteach i gColáiste na nGardaí i gcónaí.