Seirbhís Phoiblí Níos Fearr – Lucht Saothair na Todhchaí a Mhúnlú

 


D’óstáil an Roinn Caiteachais, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe comhdháil dar teideal “Seirbhís Phoiblí Níos Fearr – Lucht Saothair na Todhchaí a Mhúnlú” le déanaí, a cuireadh ar siúl sna Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí Pascal O’Donoghue, an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe i láthair ar an lá agus chuir sé tús leis an gcomhdháil. D’óstáil an fhoireann CÉ&C stainnín ar an lá chun poistphoiblí a chur chun tosaigh agus béim a leagan ar ár naisc le lucht saothair na todhchaí agus chun poistphoiblí a chur chun cinn. Bhí teagmháil dhearfach ag an bhfoireann leis an lucht freastail agus roinn an fhoireann eolas faoi chuid den obair thábhachtach atá á déanamh ag an bhfoireann CÉ&C, lena n-áirítear ár gcláir um chonairí ionchuimsitheacha agus ár dtionscadal faoin gciste nuálaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm aige an próiseas socruithe réasúnta a athshamhlú.

D’fheidhmigh ár gcomhpháirtí faoin gCiste Nuálaíochta, oideoir domhanda, feachtasóir, agus POF Tilting the Lens, Sinéad Burke mar reachtaire. Rinne Sinéad modhnóireacht ar phlé painéil dar teideal “Curtha le Chéile ar Bhealach Difriúil – Néara-Éagsúlacht san Ionad Oibre Athraitheach.” Bhí sé mar aidhm ag an bpainéal seo tuiscint a fháil ar an néara-éagsúlacht san ionad oibre, agus léargas praiticiúil a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le fostóirí ionaid oibre níos cuimsithí a chruthú. Bhí ár gceannasaí CÉ&C, Siobhán McKenna, ann le Sinéad agus labhair sí faoi chleachtais earcaíochta ionchuimsitheacha, faoi shocruithe san ionad oibre, faoi na rudaí atá ag obair sa tseirbhís phoiblí agus faoi na dúshláin atá romhainn faoi láthair. In éineacht le Siobhán, bhí bunaitheoir As I Am, Adam Harris ann agus labhair sé leis an lucht féachana faoi na bealaí ar féidir linn tuiscint níos fearr a chruthú ar an néara-éagsúlacht san ionad oibre mar aon leis na buntáistí agus na dúshláin a bhíonn roimh fhostaithe agus eagraíochtaí néara-éagsúla. Ba í Sandra Healy, bunaitheoir agus POF Inclusio, ina cainteoir deiridh agus thug sí léargas ar na sonraí a bhaineann le daoine néara-éagsúla san ionad oibre agus ar na rudaí atá ar siúl sa réimse seo ag leibhéal idirnáisiúnta.

Rinne Michelle Noone, ceannasaí na hearcaíochta d’fheidhmeannaigh shinsearacha, modhnóireacht ar phlé painéil a bhí bunaithe ar Uasoiliúint agus Athoiliúint do Thodhchaí na hOibre trí Phrintíseachtaí. Thug an plé painéil seo léargas ar phlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí a seoladh le déanaí, agus rinneadh plé ar an gcaoi ar féidir le printíseachtaí cur le lucht saothair oilte le samplaí praiticiúla agus modhanna nuálacha ó fhostaithe seirbhíse poiblí. Roinneadh físeán inar thug ár bPOF Margaret McCabe léargas ar luach an chláir phrintíseachta seo. Bhí Julie Hoey, Bainisteoir an Chaidrimh le Cliaint in poistphoiblí ina cainteoir lárnach san fhíseán agus thug sí eolas faoina taithí ar pháirt a ghlacadh sa chlár printíseachta agus faoin bhfáth ar chóir do dhaoine machnamh a dhéanamh air mar chonair chuig an státseirbhís. Bhí Andrew Brownlee, POF SOLAS, Peter Davitt, POF Fastrack to IT, agus Mary O’Donoghue, Stiúrthóir Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais ann le Michelle.