Feachtas nua Meallta Tallainne seolta ag poistphoiblí

 


Tá feachtas nua Meallta Tallainne, dar teideal ‘Ó Réimse Spéise go Gairm’ seolta ag poistphoiblí, a bhfuil sé mar aidhm aige gairmeacha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, mar aon le róil ar a ndéanann poistphoiblí bainistíocht ar son ár gcliant sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, a chur chun cinn.

Léiríonn an feachtas an chaoi ar féidir le gairmeacha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí teacht leis na réimsí spéise a bhíonn ag daoine, agus an chaoi ar féidir le daoine difear a dhéanamh maidir le ceisteanna agus réimsí atá gar dá gcroíthe.

Tagann sluán an fheachtais, ‘tá post poiblí ann chuige sin’ le branda athnuaite poistphoiblí i dtaca le tacaíocht a thabhairt do théama na héagsúlachta. Tá sé mar aidhm againn a chur in iúl do dhaoine go bhfuil gairm ar fáil duit san earnáil phoiblí, is cuma cé tusa nó cad iad do réimsí spéise. Ina theannta sin, tugann sé léargas ar na róil mhealltacha, shuimiúla, fhiúntacha éagsúla atá ar fáil. Chun léargas iontaofa a thabhairt ar an státseirbhís agus ar an tseirbhís phoiblí nua-aimseartha seo ina bhfuil éagsúlacht le brath, is státseirbhísigh reatha iad na daoine a bhfuil páirt a glacadh acu san fheachtas.

Tugann 'Ó Réimse Spéise go Gairm’ tacaíocht don aidhm atá ag poistphoiblí ‘daoine éagsúla a earcú don tseirbhís phoiblí, a bhfuil an tallann, an dea-cháil agus an díograis acu chun torthaí a bhaint amach ar son na hÉireann’ agus tá sé beartaithe an feachtas a reáchtáil go dátheangach (Béarla agus Gaeilge) ar ardáin meán éagsúla ón 23 Meán Fómhair go dtí an 1 Samhain.

Ag labhairt faoin bhfeachtas, bhí an méid seo a leanas le rá ag POF poistphoiblí, Margaret McCabe, ‘I dtréimhse ina bhfuil ard-iomaíocht sa mhargadh do thallann agus scileanna, tá sé mar aidhm ag ár bhfeachtas nua tuiscint ar agus suim i ngairmeacha sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí, agus i róil ar a ndéanann muid bainistíocht ar son ár gcliant, a chur chun cinn. Mar sholáthraí lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí, tá ról lárnach ag poistphoiblí maidir le mealladh tallainne a chur chun cinn ar son na státseirbhíse agus na seirbhíse poiblí, de réir mar a théann muid i ngleic le dúshláin earcaíochta agus de réir mar a leanann muid orainn, ag iarraidh iarrthóirí den chéad scoth a mhealladh.’

Chuir Ceannasaí na Rannpháirtíochta sa Mhargadh in poistphoiblí, Niall Leavy, leis sin: ‘Tar éis dúinn ár n-ainm agus ár bhféiniúlacht athnuaite a léiriú do chustaiméirí i mí an Mheithimh, tá forbairt leanúnach á déanamh againn ar an gcaoi a bhfógraíonn muid ár seirbhísí agus an réimse leathan gairmeacha agus ról atá ar fáil sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Tá coincheap cruthaitheach nuálach mar bhonn faoinár bhfeachtas nua meallta tallaine, a chuireann íomhá úr agus nua-aimseartha de ghairm sa tseirbhís phoiblí chun cinn, agus a dhéanann iarracht teagmháil a dhéanamh le grúpaí nua daoine nár smaoinigh ar ghairm sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí roimhe seo.’


Feachtas nua Meallta Tallainne seolta ag poistphoiblí