Urraíocht le déanamh ag poistphoiblí ar an Duais d’Eagraíocht Seirbhíse Poiblí na Bliana mar chuid de na Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsiú 2025

 


In poistphoiblí, tá muid bródúil as urraíocht a dhéanamh arís ar an Duais d’Eagraíocht Seirbhíse Poiblí na Bliana mar chuid de na Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsiú 2025, a bheidh ar siúl in Óstán Clayton, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4, ar an Aoine 7 Feabhra 2025. Fógraíodh na daoine a bheidh sa bhabhta ceannais ag imeacht san RDS ar an gCéadaoin 20 Samhain 2024.

Is iad na Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsitheach an searmanas duaiseanna amháin a dhéanann ceiliúradh ar dhul chun cinn i réimse na héagsúlachta agus an ionchuimsithe in Éirinn. An tríú bliain den searmanas duaiseanna a bheidh i gceist in 2025, agus beidh 12 chatagóir i gceist a chlúdóidh gach réimse den Éagsúlacht agus den Ionchuimsiú. Bhí sé saor in aisce iontráil a chur isteach do na duaiseanna agus cuireadh fáilte roimh aighneachtaí ó ghnólachtaí de gach méid agus ó gach earnáil - tá catagóirí ann do cheannairí, do chomhghleacaithe, do thionscnaimh san ionad oibre agus d’fhorais earnála poiblí a dhéanann difríocht mhór i réimse na hÉagsúlachta agus an Ionchuimsithe.

Óstálann an tIonad um Éagsúlacht in Éirinn na Duaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsiú agus beidh painéal de shaineolaithe i réimse na hÉagsúlachta agus an Ionchuimsithe ann mar mholtóirí. Ó níos mó ná 180 iontráil, cuireadh sé iontráil ar an ngearrliosta don bhabhta ceannais i ngach ceann de na 12 chatagóir, tar éis dóibh dul i bhfeidhm ar an bpainéal moltóirí de bharr na hoibre iontaí atá déanta acu chun dul chun cinn a dhéanamh i réimse na hÉagsúlachta agus an Ionchuimsithe san ionad oibre. Is iad seo a leanas na hEagraíochtaí atá sa bhabhta ceannais don Duais d’Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana: Bord na Móna, Fáilte Ireland, HEAnet, HPRA, Uisce Éireann agus SOLAS. Chun breathnú ar liosta iomlán de na daoine/eagraíochtaí sna babhtaí ceannais, téigh chuig suíomh gréasáin na nDuaiseanna Náisiúnta um Éagsúlacht agus Ionchuimsiú.