Leigheas Éigeandála

Is minic a fheidhmíonn Comhairligh sa Leigheas Éigeandála (LÉ) in Éirinn mar Lia Éigeandála atá i gCeannas (EPIC) mar phríomhghné den ról. Is ceannasaithe cliniciúla na bhfoirne ildisciplíneacha iad na Comhairligh; foirne ar a bhfuil altraí, altraí liachleachta, dochtúirí faoi oiliúint, fisiteiripeoirí cliniciúla speisialtachta, cúntóirí cúraim sláinte, póirtéirí, radagrafaithe agus oibrithe eile, chun na torthaí is fearr a bhaint amach d’othair.

Is féidir go mbeidh gnéithe eile, a léiríonn sainspéiseanna fo-speisialtachta an chomhairligh aonair, i gceist san obair, lena n-áirítear cleachtas i réimse na péidiatraice, na geiriatraice, an chúraim réamhospidéil, an spóirt nó an leighis éigeandála sa phobal, oiliúint a chur ar bhaill foirne eile trí éigeandálaí a ionsamhlú, úsaid a bhaint as ultrafhuaim agus bac néaróige ag an bpointe cúraim agus gnéithe eile a bhaineann leis na scileanna agus leis an gcleachtas as a mbaintear an comhairleach oilte sa leigheas éigeandála úsáid sa 21ú haois. Bíonn róil ag roinnt comhairleach sa leigheas éigeandála mar stiúrthóirí cliniciúla agus bíonn baint acu le tionscnaimh um rioscaí a laghdú agus um chaighdeáin a fheabhsú agus le gréasáin tráma a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Tá 28 rannóg éigeandála i gcóras cúraim sláinte poiblí na hÉireann; tá dhá cheann acu i mBaile Átha Cliath, agus cuirtear cóireáil ar leanaí amháin iontu, ní chuireann seacht gcinn acu cóireáil ach ar dhaoine atá níos sine ná 16 bliana d’aois amháin agus cuirtear cóireáil ar leanaí agus ar dhaoine fásta i 19 gcinn acu. Cuireann roinnt RÉ cúram gearrthéarmach ar fáil d’othair chónaitheacha in aonaid ina ndéantar cinntí cliniciúla agus in aonaid thar oíche atá ceangailte le comhairligh atá ar oscailt óna 8r.n. go dtí a 8i.n., m.sh. aonaid ghortaithe; tá 11 aonad den chineál seo in Éirinn. Tá cúram i RÉ in ospidéil phoiblí ar fáil do chuile dhuine agus cuirtear riachtanais chúraim in ord tosaíochta bunaithe ar riachtanais chliniciúla amháin.

Is í Comhaltacht Choláiste Ríoga an Leighis Éigeandála (RCEM) an scrúdú deiridh atá ag teastáil chun ardoiliúint speisialtachta a dhéanamh sa leigheas éigeandála in Éirinn. Tá sé riachtanach an scrúdú seo a dhéanamh, nó cáilíocht ar aon chéim leis a bhaint amach, agus tréimhse oiliúna a dhéanamh, m.sh. Comhaltacht Choláiste LÉ na hAstraláise (FACEM), chun clárú speisialtachta a fháil, agus ní mór a bheith i dteideal an chláraithe seo chun ceapachán a fháil i bpost suntasach mar chomhairleach sa LÉ.

Tá príomhról an chomhairligh sa leigheas éigeandála maidir le cúram sláinte éigeandála a sholáthar in Éirinn aitheanta go forleathan agus seanbhunaithe anois. Thug an tAire Sláinte faomhadh do mhaoiniú do 51 phost sa bhreis do chomhairligh sa leigheas éigeandála le déanaí, méadú de níos mó ná 40% bunaithe ar na figiúirí is déanaí.

Tá Éire ina ball iomlán de Chónaidhm Idirnáisiúnta an Leighis Éigeandála ó 1991 ar aghaidh. Tá forbairt sciobtha á déanamh ar an LÉ ar mhór-roinn na hEorpa agus cuireann Cumann an Leighis Eigeandála in Éirinn (IAEM) le gníomhaíochtaí an Chumainn Eorpaigh um Leigheas Eigeandála (EuSEM) agus Union Européenne des Médecins Spécialistes (UEMS).

Tá tuilleadh eolais faoi phobal an Leighis Éigeandála ar fáil ar iaem.ie