Oifigeach Riaracháin
Ag Ullmhú
Don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha,
Nuálaíocht & Uasoiliúint
don Todhchaí
Tuiscint Straitéiseach
& Athruithe
Treoir a
Thabhairt &
Cumhacht a Thabhairt
Treoir a Thabhairt, Daoine a Spreagadh
& Forbairt a Dhéanamh
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais
a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas
a Thabhairt &
Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
& Tionchar
a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú
Don
Todhchaí
Béim ar Chúrsaí
Digiteacha, Nuálaíocht &
Uasoiliúint don Todhchaí
Treoir a Thabhairt
agus Cumhacht
a Thabhairt
Treoir a Thabhairt
& Daoine
a Spreagadh
Straitéis, Athruithe
& Athchóiriú
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá
Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a
Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
&
Tionchar a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú Don Todhchaí
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus le nuálaíocht. Déanaimid ár ndícheall straitéis ionchuimsitheach atá dírithe ar an gcustaiméir a chruthú, ina bhfuil fís a chuireann athruithe comhshaoil, sóisialta agus teicneolaíochta san áireamh. Trí chur chuige solúbtha ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh a chur i bhfeidhm, cuirfimid uasoiliúint ar fáil agus athróimid agus cuirfimid feabhas ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach.
Béim ar Chúrsaí Digiteacha, Nuálaíocht & Uasoiliúint don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha
- Baineann an duine an leas is fearr as réitigh teicneolaíochta agus dhigiteacha chun éifeachtacht a chur chun cinn agus chun tacú le soláthar seirbhíse níos fearr
Réitigh Nuálacha & Chruthaitheacha
- Cuireann an duine smaointe nuálacha, réitigh chruthaitheacha agus moltaí úsáideacha chun tosaigh, agus tuigeann siad an taobh praiticiúil a bhaineann leo
- Baineann an duine triail as modhanna nua/difriúla, léiríonn siad solúbthacht maidir le ceachtanna a fhoghlaim ó bhotúin, maidir le modhanna a athrú agus maidir le feabhas a chur ar mhodhanna
Uasoiliúint don Todhchaí
- Lorgaíonn an duine deiseanna forbartha ar bhealach gníomhach, forbraíonn siad buanna agus téann siad i ngleic le laigí/bearnaí le meon dearfach agus bíonn siad sásta rudaí nua a fhoghlaim
- Tá an duine díograiseach maidir lena gcuid eolais agus scileanna a fhorbairt don todhchaí
Príomhscileanna Samplacha
- Nuálaíocht
- Scileanna TF agus Digiteacha
- Foghlaim Leanúnach
- Smaointeoireacht atá bunaithe ar an Dearadh
- Leasú Próiseas
Tuiscint Straitéiseach & Athruithe
Tuiscint Straitéiseach & Béim ar an Todhchaí
- Cuireann an duine le beartas agus straitéis a fhorbairt agus déanann siad pleanáil don todhchaí ina réimse
- Tuigeann an duine áit a gcuid oibre san fhoireann i gcoitinne agus an chaoi a dtagann an obair seo le straitéis Eagraíochta/Roinne agus leagann siad spriocanna amach a chuireann le spriocanna straitéiseacha
Tuiscint ar Chomhthéasc
- Cinntíonn an duine go bhfuil siad eolach ar Pholasaithe Státseirbhíse agus fhorbairtí a bhaineann lena réimse féin
- Déanann an duine machnamh ar thionchar na bpolasaithe agus na straitéisí, lena n-áirítear na daoine/rudaí ar a mbíonn tionchar acu
Athruithe a Éascú
- Tugann an duine tacaíocht do dhaoine eile trí athruithe, cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le hathruithe, nuálaíocht agus teicneolaíocht nua
- Aithníonn agus déanann an duine moltaí i dtaca le hathruithe, bunaithe ar a n-anailís, a saineolas agus a dtuiscint féin
Príomhscileanna Samplacha
- Tacú le hAthruithe
- Smaointeoireacht Straitéiseach
- Straitéis a Chur i bhFeidhm
- Spriocanna a Leagan Amach
- Beartas a Fhorbairt
Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn cinntí eolacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, spriocanna a chur in ord tosaíochta agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní, trí úsáid a bhaint as eolas cuí chun torthaí a mheas chun na torthaí is fearr a chinntiú do na daoine ar a bhfreastalaímid.
Barr Feabhais a Sholáthar
Bainistíocht Éifeachtach a dhéanamh ar Obair
- Déanann an duine tascanna oibre a bhainistiú, a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta chun a chinntiú go mbaintear spriocanna amach agus go gcloítear le sprioc-amanna
- Oibríonn an duine ar bhealach córasach, eagraithe agus éifeachtach, faigheann siad tuiscint ar thascanna nua ar bhealach cuí
- Déanann an duine bainistíocht éifeachtach ar thionscadail, tuairiscíonn siad dul chun cinn agus dúshláin
Torthaí & Seirbhís ar Ardchaighdeán a Sholáthar
- Leagann an duine caighdeáin arda agus spriocanna amach agus déanann siad a ndícheall chun iad a bhaint amach
- Cinntíonn an duine go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun a chinntiú go déantar obair ar ardchaighdeán
- Cuireann an duine seirbhís den scoth ar fáil do chustaiméirí agus tugann siad tús áite do thaithí an chustaiméara
- Lorgaíonn an duine aiseolas agus déanann siad soláthar a mheas i gcomparáid le torthaí atá ag teastáil
Dearcadh, Tionscnaíocht & Solúbthacht
- Léiríonn an duine tionscnaíocht agus neamhspleáchas agus tionscadail/obair a bhainistiú agus a chur chun cinn
- Tá teacht aniar sa duine agus léiríonn siad meon dearfach agus iad ag obair faoi bhrú nó faoi shrian, agus lorgaíonn siad tacaíocht nuair is gá
- Tá an duine solúbtha agus iad ag dul i ngleic le dúshláin agus le héilimh a bhíonn ag athrú
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Tionscadal
- Seirbhís do Chustaiméirí
- Bainistíocht Riosca
- Spriocanna a Leagan Amach
- Measúnú ar Thionscadail
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Taighde & Anailís
- Scileanna láidre taighde, is féidir leis an duine sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla agus anailís a dhéanamh orthu chun eolas tábhachtach nó príomhcheisteanna a aithint
- Baineann an duine úsáid chuí as sonraí chun cur le taighde, beartas agus cinntí
- Déanann an duine anailís agus measúnú ar eolas casta ó bhéal agus eolas casta uimhriúil ar bhealach cuí agus pras
Fadhbanna a Réiteach
- Réitíonn an duine fadhbanna ar bhealach loighciúil, bailíonn siad eolas agus sonraí cuí, déanann siad iniúchadh ar réitigh éagsúla agus cuireann siad ceisteanna ar aghaidh nuair is gá
Breithiúnas Eolach a Thabhairt & Cinntí Eolacha a Dhéanamh
- Tugann an duine breithiúnas cothrom agus déanann siad cinntí cothroma, baineann siad úsáid as fianaise, taithí agus polasaithe/nósanna imeachta cuí
- Déanann an duine cinntí cuí agus prasa, agus lorgaíonn siad tacaíocht nuair is gá
- Léiríonn an duine breithiúnas maith agus iad ag plé le cásanna deacra, éiginnte agus ag plé le ceisteanna ar an toirt
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Taighde
- Bainistíocht Sonraí agus Samhlúchán
- Anailísíocht Sonraí
- Smaointeoireacht Chriticiúil
Treoir a Thabhairt agus Cumhacht a Thabhairt
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn treoir a thabhairt inár réimsí saineolais, daoine eile a spreagadh agus fís shoiléir a chruthú Táimid tiomanta d’fhorbairt a dhéanamh ar, do thacaíocht agus do chumhacht a thabhairt dár gcomhghleacaithe chun gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus chun timpeallacht oibre dhearfach agus ionchuimsitheach a chruthú, ina bhfuil obair gach duine luachmhar.
Treoir a Thabhairt, Daoine a Spreagadh & Forbairt a Dhéanamh
Cumas Ceannaireachta, Oiliúint & Forbairt
- Léiríonn an duine cumas ceannaireachta trí oiliúint a chur ar fáil do dhaoine eile, trí thacaíocht a thabhairt do dhaoine eile agus trí dhaoine eile a spreagadh
- Tá tuiscint mhaith ag an duine ar bhuanna dhaoine eile agus déanann siad iarracht an leas is fearr a bhaint astu agus iad a fhorbairt
- Tugann an duine aiseolas agus/nó tacaíonn siad le bainistíocht feidhmíochta, de réir mar is cuí nó le tacaíocht ó bhainisteoirí
Cumhacht, Iontaoibh & Ionracas
- Tugann an duine cumhacht dá gcomhghleacaithe, tugann siad tascanna amach nuair is féidir agus bíonn meas acu ar na tuairimí a bhíonn ag daoine eile
- Tugann an duine cabhair maidir le timpeallacht ionchuimsitheach, sábháilte agus oscailte ina bhfuil an obair foirne chun tosaigh a chruthú
- Oibríonn an duine le hionracas, le macántacht agus le freagracht
Tuiscint Shóisialta & Mhothúchánach
- Tugann an duine tús áite dá bhfolláine féin agus d’fholláine dhaoine eile, léiríonn siad tuiscint, comhbhá agus tugann siad tacaíocht
- Léiríonn an duine féinthuiscint mhaith agus an cumas a gcuid mothúchán agus iompair féin a bhainistiú, go háirithe i gcásanna dúshlánacha
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Feidhmíochta
- Oiliúint agus Aiseolas
- Coimhlint a Bhainistiú
- Foirne ó Chian/Cumaisc a Bhainistiú
Treoir a thabhairt trí Thuiscint Speisialtachta
Eolas Speisialtachta & Forbairt Ghairmiúil
- Léiríonn a duine ardleibhéal saineolais speisialtachta agus eolais ina réimse
- Tá an duine tiomanta don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach, glacann siad páirt i gcúrsaí, i gcomhdhálacha agus i ngníomhaíochtaí cuí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid eolais cothrom le dáta
Treoir a Thabhairt, Abhcóideacht a Dhéanamh, Eolas a Roinnt
- Tugann an duine treoir agus déanann siad abhcóideacht ina réimse saineolais, trí thuiscintí, eolas, fhianaise agus réasúnaíocht a roinnt
- Tapaíonn an duine deiseanna chun eolas a roinnt agus a aistriú
- Tá an duine in ann téarmaí teicniúla a mhíniú ar bhealach sothuigthe
Ag Obair Go Neamhspleách
- Tá an duine in ann obair a dhéanamh go neamhspleách agus lena bhfoirne agus le réimsí/feidhmeanna eile
- Tá an duine compordach agus iad ag obair go neamhspleách, socraíonn siad an obair nach mór a dhéanamh agus an chaoi ar chóir í a dhéanamh, agus is féidir leo iad féin a spreagadh
Príomhscileanna Samplacha
- Sainscileanna ina réimse Saineolais féin
- Scileanna Cumarsáide agus i dtaca le Tionchar a Imirt
- Scileanna Taighde
Cumarsáid agus Comhoibriú
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn oibriú le chéile, caidrimh a chothú agus comhoibriú le chéile chun cur chuige cuimsitheach Rialtais a éascú. Má dhéanaimid teagmháil agus cumarsáid éifeachtach lenár gcustaiméirí, gcliaint agus gcomhghleacaithe, forbrófar an mhuinín atá acu as ár seirbhísí.
Cumarsáid a Dhéanamh & Tionchar a Imirt
Cumarsáid Éifeachtach a Dhéanamh & Éisteacht chun teacht ar Thuiscint
- Déanann an duine cumarsáid agus cuireann siad eolas i láthair ar bhealach soiléir, gairmiúil agus mealltach, i dtaca le cumarsáid ó bhéal, cumarsáid dhigiteach agus i gcumarsáid scríofa
- Roinneann an duine sonraí cuí agus cuireann siad eolas/sonraí cuí in iúl ar bhealach sothuigthe
- Léiríonn an duine tuiscint ar a m(h)odh cumarsáide féin, déanann siad a gcuid scileanna a fhorbairt agus athraíonn siad a stíl, de réir mar is cuí
- Tugann an duine tús áite don éagsúlacht agus déanann siad iarracht ghníomhach a chinntiú go gcloistear daoine agus éisteann siad le daoine agus tuairimí éagsúla
Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt & Scileanna Idirbheartaíochta
- Imríonn an duine tionchar ar dhaoine eile ar bhealach tuisceanach agus bíonn siad sásta comhréiteach a dhéanamh nuair is gá
- Tá an stíl a úsáideann an duine chun tionchar a imirt agus idirbheartaíocht a dhéanamh agus chun coimhlint a bhainistiú cuí agus measúil
- Téann an duine i ngleic le comhráite, ceisteanna nó idirbheartaíocht dheacair a dhéanamh ar bhealach tuisceanach, íogair, agus lorgaíonn siad tacaíocht nuair is gá
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Scríofa
- Eolas a chur i Láthair
- Éisteacht ghníomhach
- Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt agus Scileanna Idirbheartaíochta
Teagmháil & Comhoibriú
Líonrú, Teagmháil & Comhairliúchán
- Forbraíonn an duine líonraí úsáideacha ag leibhéal inmheánach, ag leibhéal seachtrach agus go hidirnáisiúnta
- Tugann an duine tús áite do theagmháil agus chomhairliúchán le páirtithe leasmhara cuí
Comhoibriú, Obair Foirne, & Caidrimh a Chothú
- Comhoibríonn an duine le daoine laistigh agus lasmuigh dá bhfoireann ar bhealach éifeachtach
- Baineann an duine úsáid as scileanna idirphearsanta chun dea-chaidrimh oibre a chothú, fiú i dtimpeallacht ina bhfuil obair chumaisc/hibrideach ar siúl
- Tugann an duine an t-eolas cuí agus an t-eolas is déanaí dá bhfoireann, dá gcomhghleacaithe agus dá mbainisteoir
- Cuireann an duine ceisteanna chun tuiscint a fháil ar an obair a bhíonn ar siúl i réimsí éagsúla agus tugann siad tacaíocht do thionscadail trasfheidhme nuair is féidir
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Líonraithe
- Comhoibriú
- Obair Foirne
- Scileanna Idirphearsanta
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach ar a bhfuil comhairle faoi agallamh.
Chun an Córas Inniúlachta (leagan PDF nó leagan gnáth-théacs inrochtana) a íoslódail,
cliceáil ar an gcnaipe cuí thíos:
Córais Inniúlachta do phríomhghráid sa Státseirbhís
Roghnaigh grád thíos chun tuilleadh eolais a fháil