Príomhoifigeach
Ag Ullmhú
Don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha,
Nuálaíocht & Uasoiliúint
don Todhchaí
Straitéis, Athruithe
& Athchóiriú
Treoir a
Thabhairt agus
Cumhacht a Thabhairt
Treoir a Thabhairt
& Daoine a Spreagadh
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais
a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas
a Thabhairt &
Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
& Tionchar
a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú
Don
Todhchaí
Béim ar Chúrsaí
Digiteacha, Nuálaíocht &
Uasoiliúint don Todhchaí
Treoir a Thabhairt
agus Cumhacht
a Thabhairt
Treoir a Thabhairt
& Daoine
a Spreagadh
Straitéis, Athruithe
& Athchóiriú
Treoir a thabhairt trí
Thuiscint Speisialtachta
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá
Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais a Sholáthar
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a
Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Cumarsáid a Dhéanamh
&
Tionchar a Imirt
Teagmháil &
Comhoibriú
Ag Ullmhú Don Todhchaí
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus le nuálaíocht. Déanaimid ár ndícheall straitéis ionchuimsitheach atá dírithe ar an gcustaiméir a chruthú, ina bhfuil fís a chuireann athruithe comhshaoil, sóisialta agus teicneolaíochta san áireamh. Trí chur chuige solúbtha ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh a chur i bhfeidhm, cuirfimid uasoiliúint ar fáil agus athróimid agus cuirfimid feabhas ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.
Béim ar Chúrsaí Digiteacha, Nuálaíocht & Uasoiliúint don Todhchaí
Béim ar Chúrsaí Digiteacha
- Cuireann an duine an clár ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh chun cinn trína chinntiú go dtugtar tús áite d’uirlisí digiteacha agus do réitigh TF agus go gcuirtear i bhfeidhm iad
Nuálaíocht & Feabhsú Leanúnach
- Cuireann an duine réitigh nuálacha, chruthaitheacha agus phraiticiúla i bhfeidhm agus spreagann siad réitigh den chineál seo, agus déanann siad iarracht réitigh a fheabhsú i gcónaí
- Cruthaíonn an duine timpeallacht oscailte ina bhfuil iontaoibh chun tosaigh agus ina spreagtar daoine chun ceisteanna a chur, chun rioscaí tomhaiste a ghlacadh agus chun ceachtanna a fhoghlaim ó bhotúin
Uasoiliúint don Todhchaí
- Tá an duine díograiseach maidir lena gcuid saineolais, eolais agus scileanna féin a fhorbairt don todhchaí
- Cinntíonn siad go bhforbraíonn a ndaoine agus an Eagraíocht ullmhacht don todhchaí agus go gcothaítear daoine cumasacha chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach anseo
- Lorgaíonn an duine deiseanna forbartha ar bhealach gníomhach agus déanann siad machnamh ar thaithí foghlama go rialta, agus tuigeann siad a mbuanna agus a laigí féin
Príomhscileanna Samplacha
- Nuálaíocht
- Scileanna TF agus Digiteacha
- Foghlaim Leanúnach
- Smaointeoireacht atá bunaithe ar an Dearadh
- Smaointeoireacht bunaithe ar chórais
- Leasú Próiseas
Straitéis, Athruithe & Athchóiriú
Cumas & Fís Straitéiseach
- Forbraíonn an duine fís shoiléir agus plean straitéiseach dá réimse, leagann siad spriocanna amach a thagann le spriocanna Eagraíochta/Rialtais
- Cuireann an duine go gníomhach le forbairt straitéisí, pholasaithe agus spriocanna ginearálta na hEagraíochta/Roinne agus an Rialtais
- Déanann an duine measúnú ar rath agus thionchar na straitéisí reatha agus cuireann siad athruithe i bhferidhm de réir mar is gá
Tuiscint ar Chomhthéacs & Solúbthacht
- Tá tuiscint mhaith ag an duine ar Pholasaithe Státseirbhíse níos ginearálta agus ar fhorbairtí cuí san Earnáil Phoiblí agus san Earnáil Phríobháideach
- Bíonn an duine ag súil le, glacann siad le agus tugann siad freagairt ar fhorbairtí san earnáil agus sa timpeallacht sheachtrach, déanann siad athbhreithniú agus leasú ar phleananna straitéiseacha agus/nó oibríochta, de réir mar is gá
Athruithe & Athchóiriú a chur i bhfeidhm
- Tugann an duine treoir do dhaoine eile le linn tréimhsí ina bhfuil athruithe agus athchóiriú á chur i bhfeidhm – cuireann an duine fís shoiléir in iúl, éisteann siad le haiseolas agus téann siad i ngleic le ceisteanna
- Tugann an duine treoir maidir le hathruithe suntasacha agus hathchóiriú a chur i bhfeidhm, déanann siad measúnú criticiúil ar athruithe molta agus cuireann siad na leasuithe is fearr is féidir i bhfeidhm
- Éisteann an duine le agus tugann siad freagairt ar bhealach cuí ar cháineadh nó sa chás a bhfuil drogall ar dhaoine glacadh le hathruithe
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht a dhéanamh ar agus tacú le hAthruithe
- Beartas agus Straitéis a Fhorbairt
- Spriocanna a Leagan Amach
- Straitéis a Chur i bhFeidhm
- Smaointeoireacht Straitéiseach
- Réamhaisnéisiú don Todhchaí
Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn cinntí eolacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, spriocanna a chur in ord tosaíochta agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní, trí úsáid a bhaint as eolas cuí chun torthaí a mheas chun na torthaí is fearr a chinntiú do na daoine ar a bhfreastalaímid.
Barr Feabhais a Sholáthar
Tugann an duine tús áite don Obair, d’Acmhainní & do Chaighdeáin
- Déanann an duine bainistíocht éifeachtach ar chláir éagsúla agus ar chláir oibre shuntasacha, tugann siad acmhainní amach nó aimsíonn siad acmhainní chun freastal ar thosaíochtaí
- Déanann an duine maoirseacht agus monatóireacht ar dhul chun cinn chun torthaí a bhaint amach i gcomparáid le príomhspriocanna Eagraíochta agus le tosaíochtaí i bpleananna gnó
- Cinntíonn an duine go leagtar ardchaighdeáin amach agus go gcloítear leo, tugann siad treoir le dea-shampla chun daoine a eile a spreagadh chun a bheith díograiseach maidir le caighdeáin
Cuntasacht, Freagracht & Rialáil
- Tugann an duine eolas cuí do pháirtithe leasmhara agus d’fhorais/d’fheidhmeannaighrialála go rialta agus ar bhealach cruinn
- Ina bhfoireann/bhfoirne, cuireann an duine an tábhacht a bhaineann le héagsúlacht, luach ar airgead, comhlíonadh le polasaithe/protacáil agus riachtanais rialála corparáidí chun cinn
- Glacann an duine freagracht astu féin agus as an bhfoireann
Foghlaim, Freagairt, Measúnú & Feabhsú
- Faigheann an duine tuiscint ar thascanna/róil nua go sciobtha, cuireann siad ceisteanna chun tuiscint a fháil ar riachtanais, eolas cuí agus íogaireacht
- Tá an duine solúbtha agus acmhainneach agus iad ag dul i ngleic le deacrachtaí agus le héilimh nua
- Lorgaíonn an duine aiseolas agus déanann siad measúnú ar thorthaí i gcomparáid le torthaí a bhí ag teastáil, foghlaimíonn siad ón méid a dhéanann siad ar bhealach freagrúil agus cuireann siad feabhas ar mhodhanna/phróisis
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Tionscadal
- Bainistíocht Riosca
- Acmhainní a thabhairt amach
- Measúnú ar Thionscadail
- Anailís Chostais is Tairbhe
Anailís a Chinntiú, Breithiúnas a Thabhairt & Cinntí a Dhéanamh
Anailís, Measúnú & Cumas Réasúnaíochta Criticiúla
- Is féidir leis an duine sonraí ó fhoinsí éagsúla a bhailiú agus anailís agus measúnú criticiúil a dhéanamh orthu go sciobtha, chun eolas tábhachtach a aithint
- Cinntíonn an duine go mbailíonn agus go mbaineann an fhoireann/Eagraíocht úsaid as sonraí chun cur le cinntí a dhéanfar amach anseo
- Déanann an duine anailís agus measúnú ar eolas casta ó bhéal agus ar eolas uimhriúil casta, m.sh. polasaithe, straitéisí, buiséid nó staitisticí
Ceisteanna & Castacht a Bhainistiú
- Déanann an duine bainistíocht éifeachtach ar chásanna casta agus éiginnte agus téann siad i ngleic le ceisteanna láithreach bonn, déanann siad cinneadh sciobtha agus muiníneach maidir leis na bearta is fearr
- Réitíonn an duine fadhbanna ar bhealach eolach, loighciúil agus stuama, lorgaíonn siad tuairimí breise de réir mar is gá
Breithiúnas Eolach a Thabhairt & Cinntí Eolacha a Dhéanamh
- Tugann an duine breithiúnas cothrom agus déanann siad cinntí cothroma, baineann siad úsáid as fianaise, taithí agus polasaithe/nósanna imeachta cuí mar aon le ceisteanna/híogaireacht chomhthéacsúil
- Déanann an duine cinntí tábhachtacha, práinneacha nó deacra ar bhealach cuí, pras agus eiticiúil, cuireann siad na himpleachtaí ginearálta, ceisteanna rialála agus íogaireacht pholaitíochta san áireamh
- Roinneann an duine an réasúnaíocht atá taobh thiar de chinntí a dhéantar, chun trédhearcacht a chinntiú agus chun muinín agus iontaoibh a chothú
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Taighde
- Bainistíocht Sonraí agus Samhlúchán
- Anailísíocht Sonraí
- Smaointeoireacht Chriticiúil
- Buiséadú
Treoir a Thabhairt agus Cumhacht a Thabhairt
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn treoir a thabhairt inár réimsí saineolais, daoine eile a spreagadh agus fís shoiléir a chruthú Táimid tiomanta d’fhorbairt a dhéanamh ar, do thacaíocht agus do chumhacht a thabhairt dár gcomhghleacaithe chun gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach agus chun timpeallacht oibre dhearfach agus ionchuimsitheach a chruthú, ina bhfuil obair gach duine luachmhar.
Treoir a Thabhairt & Daoine a Spreagadh
Feidhmíocht a Fhorbairt, a Spreagadh & Tacú Léi
- Cinntíonn siad go bhfaigheann a bhfoireann deiseanna forbartha, tugann siad tionscadail amach ar bhealach straitéiseach agus cuireann siad oiriúnacht an duine aonair agus riachtanais/práinn na dtionscadal san áireamh
- Tacaíonn an duine le hardfheidhmíocht agus spreagann siad ardfheidhmíocht trí aitheantas, threoir, oiliúint agus aiseolas rialta a chur ar fáil
- Baineann an duine úsáid as teicnící bainistíochta feidhmíochta foirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cuireann siad na teicnící seo chun tosaigh
Fís, Cuspóir & Inchreidteacht
- Spreagann an duine a bhfoireann agus tugann siad daoine leo, trí inchreidteacht, iontaoibh agus dhíograis a léiriú agus trí luachanna na hEagraíochta a chur chun cinn, le dea-shampla
- Cruthaíonn an duine fís shoiléir don fhoireann, cuireann siad an cuspóir agus tionchar ginearálta i gcuimhne dóibh
- Tugann an duine treoir ar bhealach ionraic, macánta, trédhearcach agus freagrach
Cumhacht a Thabhairt, Sábháilteacht Shíceolaíoch & Cuimsiú
- Cruthaíonn an duine timpeallacht foirne atá ionchuimsitheach agus sábháilte ag leibhéal síceolaíochta, ina dtugtar cumhacht do gach ball agus ina léirítear muinín as agus meas ar gach ball
- - Mar cheannaire, cuireann an duine comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn, cuireann siad bearta fiúntacha i bhfeidhm trí obair a nEagraíochta/Roinne agus trí thacú le lucht saothair ina bhfuil éagsúlacht le brath
Éirim Shóisialta & Mhothúchánach
- Tugann an duine tús áite dá bhfolláine féin agus d’fholláine dhaoine eile ar bhealach oscailte, cuireann siad cultúr ina bhfuil an tacaíocht, an chomhbhá agus an tuiscint chun tosaigh
- Léiríonn an duine féinthuiscint ardleibhéil agus an cumas a gcuid mothúchán agus iompair féin a bhainistiú, go háirithe i gcásanna dúshlánacha
Príomhscileanna Samplacha
- Bainistíocht Feidhmíochta
- Oiliúint a Chur ar Fáil agus Aiseolas a Thabhairt
- Coimhlint a Bhainistiú
- Foirne ó chian/cumaisc a bhainistiú
- Éirim Mhothúchánach
Treoir a thabhairt trí Thuiscint Speisialtachta
Cuir le hObair trí Shaineolas
- Léiríonn an duine ardleibhéal saineolais speisialtachta agus eolais ina réimse
- Cuireann an duine le hobair na hEagraíochta/na Roinne trí úsáid a bhaint as a saineolas speisialtachta chun freastal ar riachtanais ghnó agus cur le beartas nó straitéis níos ginearálta
Treoir a Thabhairt & Abhcóideacht a Dhéanamh
- Tugann an duine treoir trí thuiscintí, eolas, fhianaise agus réasúnaíocht a roinnt ar bhealach oscailte agus neamhtheicniúil
- Cuireann an duine luach a réimse/saineolais chun cinn agus míníonn siad an luach seo agus an fáth a bhfuil sé riachtanach tús áite a thabhairt don réimse
- Aithnítear an duine mar Cheannaire Smaointeoireachta nó mar Shaineolaí ina réimse saineolais, tugann siad treoir, cuireann siad eolas agus ceannaireacht ar fáil
Gréasáin, Eolas & Tuiscint a Chothú
- Déanann an duine líonrú le saineolaithe ag comhdhálacha agus imeachtaí, roinneann siad eolas cuí, ceachtanna a d’fhoghlaim siad agus faigheann siad inspioráid ó dhaoine eile ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta
- Tá an duine tiomanta don Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach, glacann siad páirt ghníomhach i gcúrsaí, i gcomhdhálacha agus i ngníomhaíochtaí cuí chun a chinntiú go bhfuil a gcuid eolais agus tuiscintí cothrom le dáta
Príomhscileanna Samplacha
- Sainscileanna ina réimse Saineolais féin
- Taighde
- Líonrú
Cumarsáid agus Comhoibriú
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn oibriú le chéile, caidrimh a chothú agus comhoibriú le chéile chun cur chuige cuimsitheach Rialtais a éascú. Má dhéanaimid teagmháil agus cumarsáid éifeachtach lenár gcustaiméirí, gcliaint agus gcomhghleacaithe, forbrófar an mhuinín atá acu as ár seirbhísí.
Cumarsáid a Dhéanamh & Tionchar a Imirt
Cumarsáid Éifeachtach a Dhéanamh & Éisteacht chun teacht ar Thuiscint
- Déanann an duine cumarsáid agus cuireann siad eolas i láthair ar bhealach soiléir, áititheach agus mealltach, i dtaca le cumarsáid ó bhéal, cumarsáid dhigiteach agus i gcumarsáid scríofa
- Léiríonn an duine tuiscint ar a modh cumarsáide féin, agus athraíonn siad a stíl de réir mar is cuí chun freastal ar an lucht éisteachta
- Tuigeann an duine tábhacht na héagsúlachta agus déanann siad iarracht ghníomhach daoine éagsúla a spreagadh chun a bheith páirteach, chun dúshláin agus tuairimí éagsúla a chur san áireamh
- Déanann an duine cumarsáid ar bhealach trédhearcach do lucht éisteachta seachtrach i réimsí a bhfuil suim ag an bpobal iontu
Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt & Scileanna Idirbheartaíochta
- Imríonn an duine tionchar ar dhaoine eile ar bhealach tuisceanach agus bíonn siad sásta comhréiteach a dhéanamh nuair is gá
- Forbraíonn an duine tuiscint ar an gcomhthéacs, ar íogaireacht agus ar thuairimí éagsúla, agus páirt á glacadh acu i bplé/idirbheartaíocht le grúpaí de pháirtithe leasmhara tábhachtacha agus leis an gcóras polaitíochta
- Téann an duine i ngleic le comhráite deacra, coimhlintí nó hidirbheartaíocht le meas, tuiscint, stuaim agus féinmhuinín
Príomhscileanna Samplacha
- Teangacha eile – m.sh., an Ghaeilge
- Scileanna Scríofa
- Cur i Láthair Éifeachtach
- Éisteacht ghníomhach
- Scileanna i dtaca le Tionchar a Imirt agus scileanna Idirbheartaíochta
- Scéalta a insint chun tionchar a imirt ar dhaoine eile, chun daoine eile a mhúineadh agus chun daoine a spreagadh
Teagmháil & Comhoibriú
Líonrú, Ionadaíocht & Teagmháil le Páirtithe Leasmhara
- Forbraíonn an duine gréasáin úsáideacha agus déanann siad teagmháil le páirtithe leasmhara cuí, laistigh agus lasmuigh dá nEagraíocht/Roinn féin
- Déanann an duine comhairliúcháin rialta le páirtithe leasmhara tábhachtacha, déanann siad bainistíocht ar na nithe a bhfuil daoine ag súil leo agus tugann siad an t-eolas is déanaí ar bhealach géarchúiseach agus oscailte
- - Déanann an duine ionadaíocht don Eagraíocht/Roinn ar bhealach gairmiúil agus tuisceanach, tapaíonn siad deiseanna chun obair na hEagraíochta/Roinne a chur chun cinn de réir mar is cuí
Comhoibriú, Obair Trasfheidhme & Caidrimh a Bhainistiú
- Baineann an duine úsáid as scileanna idirphearsanta chun dea-chaidrimh oibre a chothú agus a choinneáil ag gach leibhéal, lena n-áirítear i dtimpeallacht ina bhfuil obair chumaisc/hibrideach ar siúl
- Baineann an duine an leas is fearr as deiseanna comhoibrithe agus deiseanna chun páirt a ghlacadh in obair trasfheidhme, agus cinntíonn siad nach n-oibríonn a bhfoireann ar bhealach neamhchomhtháite
- Bíonn an duine ar an eolas faoi fhorbairtí eagraíochta agus ar an obair a bhíonn á déanamh ag foirne eile, léiríonn siad suim, cuireann siad tuairimí in iúl agus tugann siad tacaíocht do bhainisteoirí sinsearacha eile
Príomhscileanna Samplacha
- Comhoibriú
- Obair Trasfheidhme
- Líonrú
- Caidrimh a Fhorbairt agus Scileanna Idirphearsanta
- Tuiscint Shóisialta
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach ar a bhfuil comhairle faoi agallamh.
Chun an Córas Inniúlachta (leagan PDF nó leagan gnáth-théacs inrochtana) a íoslódail,
cliceáil ar an gcnaipe cuí thíos:
Córais Inniúlachta do phríomhghráid sa Státseirbhís
Roghnaigh grád thíos chun tuilleadh eolais a fháil