Insíonn Thais dúinn cén fáth a bhfuair sí post mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána agus faoi na deiseanna iontacha atá ar fáil ann.
Inis dúinn faoi do ról.
Mar Oibrí Seomra Rialaithe sa Gharda Síochána, feidhmíonn tú mar phríomhphointe teagmhála do dhaoine le linn éigeandála. Chun an post seo a dhéanamh ar an mbealach is fearr, ní mór duit a bheith socair, in ann duine a chur ar a suaimhneas, agus a bheith cúramach maidir le sonraí. Cruthaímid tuairiscí ar eachtraí bunaithe ar an eolas a thugann an glaoiteoir agus seolaimid an t-eolas seo chuig an aonad seolta a threoraíonn Gardaí chuig suíomh na heachtra ansin. Baineann na hOibrithe Seomra Rialaithe úsáid as córas comhtháite a ligeann don fhoireann agus don stáisiún teagmháil a dhéanamh lena chéile, a chinntíonn go gcruthaítear tuairiscí ar eachtraí agus nach gcailltear eolas a thugtar ar an nguthán.
Cén fáth ar chuir tú isteach ar do ról?
Chuir mé isteach ar an ról toisc gur iarshaighdiúir é m'athair i mo thír féin, a spreag mé chun a bheith ag obair san fhórsa póilíneachta. Bhí suim agam i gcónaí i róil phóilíneachta, mhíleata agus airm. Trí obair a dhéanamh leis an nGarda Síochána, bhí an deis agam cabhair agus cúnamh a thabhairt do dhaoine agus iad i gcruachás, agus tá sásamh le baint as sin.
Cad í an ghné is luachmhaire de do phost?
Is mise an príomhphointe teagmhála do dhaoine a bhfuil cúnamh uathu le linn éigeandálaí. Bíonn muinín ag daoine asam agus tuigim gur féidir liom cabhrú leo agus iad i gcruachás agus ardaíonn sé seo mo mheanma.
Cad iad na deiseanna agus na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil duit?
• Cuirtear tacaíocht síceolaíochta ar fáil don Oibrí Seomra Rialaithe más gá. • Bíonn Sáirsintí agus Cigirí ar fáil i gcónaí chun ceisteanna a fhreagairt nó chun cúnamh a thabhairt. • Faighimid pá níos airde ar an Domhnach agus ar Laethanta Saoire Bainc. • Bíonn sealobair i gceist; 4 lá ag obair agus ceithre lá shaora, a thugann deis duit do scíth a ligean.
Cad iad na deiseanna a chuir an ról seo ar fáil duit?
Cuirtear cúrsaí ar fáil do gach ball foirne chun gur féidir leo forbairt a dhéanamh ar a gcuid oideachais sa ról agus cruthaítear deiseanna i dtaca le dul chun cinn sa Gharda Síochána.
Cad a chuir iontas ort ó thosaigh tú ag obair sa ról seo?
Éagsúlacht na n-eachtraí dona mbíonn freagairt éigeandála ag teastáil.
Cad í an ghné is mó de do ról a mbaineann tú sult aisti?
Fadhbanna a réiteach agus cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás.
An molfá gairm san earnáil phoiblí do dhaoine eile agus cén fáth?
Mholfainn - Post seasmhach ina bhfuil deiseanna fáis ar fáil, mar aon le deiseanna i dtaca le dul chun cinn a dhéanamh i ngairm lena mbaineann a lán buntáistí.
Ar mhaith leat aon rud eile a roinnt?
Chabhraigh an ról mar Oibrí Seomra Rialaithe liom mo chuid scileanna idirphearsanta a fhorbairt agus chuir sé leis an eolas atá agam ar logainmneacha na hÉireann.