An bua ag poistphoiblí sa Chatagóir ‘Lucht Saothair na Todhchaí’ ag Gradaim Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse 2025.
Ócáid bhliantúil is ea Gradaim Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse (CSEIA) a aithníonn barr feabhais, dea-chleachtas, agus nuálaíocht sa Státseirbhís. Cuireadh tús leis na gradaim sa bhliain 2015 chun béim a leagan agus ceiliúradh a dhéanamh ar an nuálaíocht sa bheartas agus sa soláthar seirbhíse sa Státseirbhís. Cuireadh 33 fhoireann ar an ngearrliosta san iomlán, in aon chatagóir déag, agus bhí an bua ag poistphoiblí sa chatagóir ‘Lucht Saothair na Todhchaí’ do Chreat Inniúlachta na Státseirbhíse. Bronntar an gradam seo ar thionscadail a léiríonn barr feabhais i dtaca le daoine, scileanna agus forbairt eagraíochta a chur chun cinn le baill foirne. Bhronn an tAire Eimer Higgins agus Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta, Jacqui McCrum, an gradam ar an bhfoireann, ar a raibh baill d’Aonad na Seirbhísí Measúnaithe, baill den Aonad TF agus ár bPOF, Margaret McCabe.
Tugadh aitheantas do poistphoiblí de bharr go ndearna an eagraíocht obair den scoth chun córas a léiríonn na scileanna atá ag teastáil chun gur féidir le Státseirbhís ina bhfuil ardfheidhmíocht chun tosaigh tacú le cruthú lucht saothair na todhchaí. Tá sé mar aidhm againn daoine éagsúla, a bhfuil sé de chumas acu barr feabhais a sholáthar ar son Rialtais na hÉireann agus ar son mhuintir na hÉireann, a mhealladh, a chumasú agus a fhorbairt. Léiríonn an creat inniúlachta an aidhm seo trí thréithe éagsúla an duine a chur san áireamh, m.sh. iompar, scileanna, buanna, eolas, luachanna, spreagadh agus réimsí spéise. Dá bharr seo, is féidir linn taithí earcaíochta níos éifeachtaí agus níos tairbhí a chruthú don iarrthóir agus don earcaitheoir araon agus lucht saothair níos gairmiúla, níos nuálaí agus níos cruthaithí a mhúnlú don Státseirbhís.
Comhghairdeas le gach ainmní agus le gach buaiteoir agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe as oíche den chéad scoth a eagrú!
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcreat inniúlachta do ghráid éagsúla sa Státseirbhís nó teacht ar chomhairle i dtaca le hagallaimh atá bunaithe ar Inniúlachtaí, féach anseo: Creat Inniúlachta..