Óstálann Exchange House Ireland na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais do bhaill den Lucht Siúil gach bliain.
Bronntar an Duais seo ar bhaill den Lucht Siúil ó na 32 chontae in Éirinn, a bhain ceann de na cáilíochtaí seo a leanas amach: an Teastas Sóisearach, an Ardteistiméireacht, Mórdhámhachtain leibhéal 3/6, Gradam Sainchuspóra, GCSE, A Levels, BA, Cáilíocht Iarchéime, Máistreacht agus PhD. Tagann teaghlaigh, cairde, múinteoirí agus daoine eile a thug tacaíocht dóibh agus iad i mbun oideachais leo chuig an ócáid. Ó
Óstálann na Seirbhísí don Lucht Siúil in Exchange House an ócáid bhliantúil chun comghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí agus chun a n-éachtaí a cheiliúradh. Cuireann an Duais béim chomh maith ar an méadú i líon na ndaoine ón Lucht Siúil atá ag dul i mbun oideachais fhoirmiúil. Is dea-shampla iad do dhaoine eile den Lucht Siúil atá i mbun oideachais fhoirmiúil nó ar mhian leo dul ar ais chuig an oideachas foirmiúil agus a léiríonn íomhá mhaith den Lucht Siúil.
Ceapann muid go bhfuil sé tábhachtach an t-oideachas a cheiliúradh toisc go bhfuil sé fíorthábhachtach i dtaca le todhchaí fhaighteoirí na duaise agus fíorthábhachtach don Lucht Siúil. De bharr go bhfuil rochtain á fáil acu ar oideachas, bíonn an deis acu cur lena dtodhchaí, le todhchaí a bpobail agus le todhchaí na sochaí i gcoitinne. Tá a lán rudaí dearfacha ar siúl sa Lucht Siúil, ach ní fheictear iad lasmuigh den phobal sin de ghnáth. Tugann na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais de chuid Exchange House deis do bhaill den Lucht Siúil, a d’oibrigh go crua chun éachtaí a bhaint amach, aitheantas a bhaint amach dóibh féin agus a n-éachtaí a cheiliúradh. Bhí an méid seo a leanas le rá ag duine de na daoine óga a bhí i láthair, “Tá páiste gan oideachas cosúil le héan gan sciatháin.” Dúirt duine eile an méid seo a leanas: “Tá an t-oideachas fíorthábhachtach, tá sé cosúil le heochair, nuair a chuireann tú le do chuid eolais, osclaítear doirse duit.”
Tá dúshláin roimh an Lucht Siúil go fóill inniu; bíonn a lán dúshlán roimh dhaoine óga. Bíonn orthu dul i ngleic le roinnt mhaith leithcheala agus cáinte le linn a saoil, a eascraíonn as easpa tuisceana. Is ceiliúradh é an ócáid Duaiseanna, áfach, a thugann aitheantas do na héachtaí atá bainte amach ag daoine. Tuigtear dóibh mar atá siad agus léirítear a mbuanna agus a gcumas.
Ceiliúrann na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais de chuid Exchange House na héachtaí atá bainte amach ag faighteoirí agus baintear úsáid astu chun comhghairdeas a dhéanamh le daoine. Tugann an ócáid deis do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí bródúla ceiliúradh a dhéanamh le daltaí agus mic linn chun aitheantas a thabhairt don obair chrua atá déanta acu. Ócáid spraíúil a bhí ann agus ghlac gach ainmní a bhí i láthair ar an oíche páirt i gcrannchur, trína raibh roinnt duaiseanna iontacha le buachan, lena n-áirítear ríomhaire glúine, 6 ghuthán póca agus 4 dhearbhán €50. Críoch spraíúil don ócáid a bhí ann agus do na faighteoirí agus go háirithe do na daoine a raibh an t-ádh orthu dul abhaile le duaiseanna iontacha.
Tá sé de phribhléid ag Exchange House Ireland na Duaiseanna Náisiúnta um Éachtaí Oideachais a óstáil do bhaill den Lucht Siúil le 14 bliana anuas. Thug poistphoiblí tacaíocht fhlaithiúil do dhuaiseanna na bliana 2021, 2022 agus 2023. De bharr na tacaíochta a thug poistphoiblí dúinn, bhí muid in ann ócáid iontach cheiliúrtha a chur ar siúl d’fhaighteoirí na nDuaiseanna Oideachais. Tá sé tábhachtach go ndéanann muid ceiliúradh ar éachtaí i réimse an oideachais, chun tacú leis na faighteoirí agus chun luach an oideachais fhoirmiúil a chur chun cinn. Éiríonn leis na duaiseanna bliain i ndiaidh bliana de bharr na bhfaighteoirí, a dteaghlach, a múinteoirí agus gach duine a thacaíonn leo agus iad i mbun oideachais, a thagann chuig an ócáid arís agus arís eile agus a chabhraíonn linn ceiliúradh a dhéanamh leo ar a n-éachtaí oideachais.