Oifigeach Cléireachais
Ag Ullmhú
Don Todhchaí
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
réimsí Spéise
Soláthar atá Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais
a Sholáthar
Plé le hEolas,
Fadhbanna & Cinntí
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Ag Ullmhú
Don
Todhchaí
Inniúlachtaí:
Iompar
Scileanna
Buanna
Eolas
Luachanna
Spreagadh
Réimsí Spéise
Soláthar atá
Bunaithe
ar Fhianaise
Barr Feabhais a Sholáthar
Plé le hEolas,
Fadhbanna & Cinntí
Cumarsáid agus
Comhoibriú
Ag Ullmhú Don Todhchaí
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn glacadh le hathruithe agus le nuálaíocht. Déanaimid ár ndícheall straitéis ionchuimsitheach atá dírithe ar an gcustaiméir a chruthú, ina bhfuil fís a chuireann athruithe comhshaoil, sóisialta agus teicneolaíochta san áireamh. Trí chur chuige solúbtha ina bhfuil cúrsaí digiteacha chun tosaigh a chur i bhfeidhm, cuirfimid uasoiliúint ar fáil agus athróimid agus cuirfimid feabhas ar an gcaoi a ndéanaimid rudaí ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.
Béim ar Chúrsaí Digiteacha
- Baineann an duine úsáid as scileanna teicneolaíochta agus digiteacha chun éifeachtacht a chur chun cinn agus chun tacú le soláthar seirbhíse níos fearr
Oscailte ó thaobh Athruithe de
- Léiríonn an duine suim i agus bíonn siad sásta glacadh le hathruithe, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nó próisis nua
- Bíonn an duine sásta triail a bhaint as modhanna nua agus lorgaíonn siad tacaíocht nuair atá sí ag teastáil uathu agus roinneann siad eolas ar bhealach oscailte agus foghlaimíonn siad ó bhotúin
Réitigh Nuálacha & Chruthaitheacha
- Cuireann an duine smaointe nuálacha, réitigh chruthaitheacha nó moltaí cabhracha in iúl, is cuma cé chomh beag is atá siad
Saineolas a Fhorbairt & Uasoiliúint don Todhchaí
- Bíonn an duine díograiseach i dtaca le deiseanna forbartha, léiríonn siad dearcadh dearfach, bíonn siad sásta glacadh le haiseolas agus bíonn siad sásta rudaí nua a fhoghlaim
- Tá an duine díograiseach maidir lena gcuid eolais agus scileanna a fheabhsú don todhchaí
- Forbraíonn an duine saineolas ina réimse, trí éisteacht le daoine eile agus trí fhoghlaim ó dhaoine eile
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna TF (m.sh. Microsoft Office)
- Litearthacht Dhigiteach
- Sainscileanna ina réimse saineolais féin
- Foghlaim Leanúnach
- Nuálaíocht
Soláthar atá Bunaithe ar Fhianaise
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn cinntí eolacha atá bunaithe ar fhianaise a dhéanamh, spriocanna a chur in ord tosaíochta agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar acmhainní, trí úsáid a bhaint as eolas cuí chun torthaí a mheas chun na torthaí is fearr a chinntiú do na daoine ar a bhfreastalaímid.
Barr Feabhais a Sholáthar
Bainistíocht Éifeachtach a dhéanamh ar Obair
- Déanann an duine tascanna oibre a bhainistiú, a phleanáil agus a chur in ord tosaíochta chun a chinntiú go mbaintear spriocanna amach agus go gcloítear le sprioc-amanna
- Oibríonn an duine ar bhealach córasach, eagraithe agus éifeachtach
- Baineann an duine úsáid éifeachtach as a gcuid ama, lorgaíonn siad obair bhreise agus bíonn siad sásta tacú le daoine eile le linn tréimhsí ciúine
Torthaí & Seirbhís ar Ardchaighdeán a Sholáthar
- Díríonn an duine ar chaighdeáin, ar chruinneas agus ar mhionsonraí, fiú nuair atá gnáth-thascanna á ndéanamh acu
- Cuireann an duine seirbhís ghairmiúil ardchaighdeáin ar fáil do chustaiméirí
- Lorgaíonn an duine tacaíocht ar bhealach gníomhach agus seiceálann/féachann siad siar ar a gcuid oibre chun ardchaighdeáin a chinntiú
Dearcadh, Freagracht & Solúbthacht
- Glacann an duine freagracht as obair, déanann siad a ndícheall a bheith neamhspleách ina réimse freagrachta
- Faigheann an duine tuiscint ar thascanna/róil nua ar bhealach cuí agus cuireann siad ceisteanna chun a chinntiú go dtuigeann siad i gceart iad
- Bíonn an duine solúbtha agus acmhainneach agus iad ag dul i ngleic le dúshláin nó le héilimh a bhíonn ag athrú, léiríonn siad dearcadh dearfach i gcónaí agus lorgaíonn siad tacaíocht más gá
Príomhscileanna Samplacha
- Seirbhís do Chustaiméirí
- Bainistíocht Ama
- Bainistíocht tionscadal
- Pleanáil agus eagrú
Plé le hEolas, Fadhbanna & Cinntí
Eolas a Bhailiú & a Phróiseáil
- An cumas eolas ó fhoinsí éagsúla a bhailiú, a thuiscint agus plé leis
- Pléann an duine le gach eolas ar bhealach cúramach, go háirithe agus iad ag plé le ceisteanna íogaire nó rúnda
- Déanann an duine eolas agus sonraí a dheimhniú agus a phróiseáil agus baineann siad ciall as/astu, ar bhealach cruinn agus pras
Fadhbanna a Réiteach
- Aithníonn agus réitíonn an duine fadhbanna ar bhealach éifeachtach, le tacaíocht
- Tuigeann an duine cathain ba chóir dóibh ceisteanna chur ar aghaidh, roinneann siad eolas cuí agus oibríonn siad le daoine eile chun teacht ar réiteach
Breithiúnas a Thabhairt & Cinntí Eolacha a Dhéanamh
- Tugann an duine breithiúnais stuama agus déanann siad cinntí maithe, agus cuireann siad an t-eolas uilig atá ar fáil san áireamh agus cloíonn siad leis na nósanna imeachta/prótacail chuí
- Déanann an duine cinntí oiriúnacha agus prasa faoi cheisteanna ina réimse cúraim féin, lorgaíonn siad tacaíocht agus iarrann siad ar dhaoine níos sinsearaí cinntí a dhéanamh más gá
Príomhscileanna Samplacha
- Ag Obair le Sonraí
- Próiseáil Faisnéise
- Fadhbanna a Réiteach
- Scileanna i dtaca Cinntí a Dhéanamh
Cumarsáid agus Comhoibriú
Chun beartas agus seirbhísí poiblí den chéad scoth a sholáthar, ní mór dúinn oibriú le chéile, caidrimh a chothú agus comhoibriú le chéile chun cur chuige cuimsitheach Rialtais a éascú. Má dhéanaimid teagmháil agus cumarsáid éifeachtach lenár gcustaiméirí, gcliaint agus gcomhghleacaithe, forbrófar an mhuinín atá acu as ár seirbhísí.
Comhoibriú, Obair Foirne, & Caidrimh a Chothú
- Baineann an duine úsáid as scileanna idirphearsanta chun dea-chaidrimh oibre a chothú, fiú i dtimpeallacht ina bhfuil obair chumaisc/hibrideach ar siúl
- Scileanna éifeachtacha comhoibrithe agus i dtaca le hobair foirne, glacann an duine páirt i bhfoirne agus oibríonn siad go héifeachtach le baill foirne eile
Cumarsáid Éifeachtach
- Déanann an duine cumarsáid ar bhealach soiléir, cabhrach agus cuí, ó bhéal, go digiteach agus i scríbhinn
- Bíonn an duine sásta cumarsáid oscailte a dhéanamh, roinneann siad a dtuairimí, a smaointe agus a gceisteanna
- Tugann an duine an t-eolas is déanaí do dhaoine eile, agus roinneann siad na sonraí cuí uilig
- Tugann an duine faoi chomhráite deacra ar bhealach cúramach agus gairmiúil, agus lorgaíonn siad tacaíocht más gá
Teagmháil a Dhéanamh, Daoine a Spreagadh chun a bheith Páirteach & Éisteacht le Daoine Eile
- Éisteann an duine go cúramach le daoine eile agus cuireann siad a dtuairimí, a dtreoir agus a n-aiseolas san áireamh
- Tuigeann an duine an éagsúlacht agus déanann siad iarracht éisteacht le daoine éagsúla, daoine éagsúla a spreagadh chun a bheith páirteach i gcomhráite agus teagmháil a dhéanamh le daoine éagsúla
Príomhscileanna Samplacha
- Scileanna Scríofa
- Rphoist
- Éisteacht ghníomhach
- Páirt a ghlacadh i gCruinnithe
- Obair Foirne
- Scileanna Idirphearsanta
Eolas Breise
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí an leathanach ar a bhfuil comhairle faoi agallamh.
Chun an Córas Inniúlachta (leagan PDF nó leagan gnáth-théacs inrochtana) a íoslódail,
cliceáil ar an gcnaipe cuí thíos:
Córais Inniúlachta do phríomhghráid sa Státseirbhís
Roghnaigh grád thíos chun tuilleadh eolais a fháil