Tabhair do d’aire, le do thoil, ó Dé Luain 18 Samhain 2019, go mbeidh agallaimh á reáchtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in dhá láthair: Sráid na Mainistreach agus Sráid Bhagóid. Bí cinnte, le do thoil, sula ndéanann tú freastal ar agallamh linn, do chuireadh chun agallaimh a sheiceáil ar do BhordTeachtaireachtaí publicjobs.ie Message Board.
Má tá tú ag freastal ar agallamh i Sráid Bhagóid, beidh na hagallaimh ar siúl i Prosperity Chambers, 19 & 22 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath.
Tá an láthair seo i lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus is féidir teacht air go réidh ar roinnt de na busbhealaí.
Ó Stáisiún Heuston
Bus
25A & 25B Bus
Ó Stáisiún Heuston (Stop 4413)– Téigh 8 Stop – Tuirling ag Reilig Huguenot (Stop 748) – siúlóid 4 nóiméad go 19 Sráid Bhagóid Íochtarach.
66 & 67 Bus
Siúil go Sr Gheata na Páirce (Parkgate St) (Stop 1474) – Téigh 7 Stop – Tuirling ag Cearnóg Mhuirfean Thiar (Stop 2810) – siúlóid 8 nóiméad go 19 Sráid Bhagóid Íochtarach.
Luas
Tóg an Líne Dhearg (Red Line Luas) i dtreo Stáisiún Uí Chonghaile/an tIosta (Connolly/The Point) – Tuirling ag Stad Shráid na Mainistreach (Abbey Street)– Siúil go Stad Shráid Maoilbhríde (Marlboro’ St) – Tóg an Líne Ghlas (Green Line Luas) i dtreo Áth an Ghainimh (Sandyford) to Stad Faiche Stiabhna (Stephens Green) – siúlóid 9 nóiméad go 19 Sráid Bhagóid Íochtarach.
Ó Stáisiún Uí Chonghaile
Traein
Tóg an Dart (i dtreo Bhré) – Tuirling ag Stáisiún Shráid an Phiarsaigh (Pearse Street) – siúlóid 15 nóiméad go 19 Sráid Bhagóid Íochtarach.
Luas
Tóg an Líne Dhearg i dtreo Thamhlachta/Theach Sagard (Tallaght/Saggart) – Tuirling ag Stad Shráid na Mainistreach (Abbey Street) – Siúil go Stad Shráid Maoilbhríde (Marlboro’ St) – Tóg an Líne Ghlas (Green Line Luas) i dtreo Áth an Ghainimh (Sandyford) to Stad Faiche Stiabhna (Stephens Green) – siúlóid 9 nóiméad go 19 Sráid Bhagóid Íochtarach.
Beidh agallaimh ag dul ar aghaidh, freisin, mar is gnách, sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí in Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1.
Chun eolas breise a fháil, amanna bus san áireamh, seiceáil, le do thoil an Transport Infrastructure Ireland Journey Planner.
Bí cinnte, dá bhrí sin, do chuireadh chun agallaimh a sheiceáil sula dtagann tú chuig d’agallamh.
Go raibh maith agat agus gabhaigí ár leithscéal as aon chur isteach a dhéanann sé seo.