Déanann an Dr Ebun Joseph plé ar an bhfrithchiníochas le baill foirne poistphoiblí

Bhí Mí Stair na nDaoine Dubha ar siúl i mí Dheireadh Fómhair – mí ina ndéantar ceiliúradh ar stair, chultúr agus éachtaí na ndaoine dubha.  Agus ceiliúradh á dhéanamh ar stair agus chultúr na ndaoine dubha, tá sé tábhachtach a aithint gur cuid de thaithí na ndaoine dubha agus na ndaoine ó mhionlaigh eitneacha iad an ciníochas agus an leithcheal, agus ní haon eisceacht í Éire.

Phléigh an Dr Ebun Joseph, Stiúrthóir na hInstitiúide um Fhrithchiníochas agus Léann na nDaoine Dubha agus saineolaí ar obair frithchiníochais, suirbhé a rinne sí le déanaí, dar teideal “21 Gníomh chun dul i ngleic leis an gCiníochas san Ionad Oibre”.  Bhí an suirbhé bunaithe ar an taithí a bhí ag daoine a raibh taithí acu ar an gciníochas nó a chonaic eachtraí ciníocha agus/nó leithcheal san ionad oibre.

De réir an Ghréasáin i gcoinne an Chiníochais in Éirinn, eagraíocht um chearta daonna a dhéanann eachtraí ciníocha a thaifeadadh, fuarthas 404 tuairisc faoi chiníochas ón bpobal in 2021 – lena n-áirítear cionta coiriúla, fuathchaint, agus leithcheal – lena n-áirítear leithcheal i dtaca le rochtain ar sheirbhísí poiblí agus tacaíocht ón stát.

Dúirt duine amháin as gach beirt ghairmithe Afracacha a d’fhreagair suirbhé a rinne Gréasán na nGairmithe Afracacha in Éirinn le déanaí gur cheap siad go raibh a n-eitneacht ina bac agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta agus dul chun cinn a dhéanamh san ionad oibre.

Tháinig roinnt príomhthéamaí chun tosaigh ó thaighde an Dr Joseph, lena n-áirítear: tábhacht an oideachais agus na hoiliúna chun dul i ngleic le fadhbanna cosúil le miocrachasán, claonadh agus leithcheal san ionad oibre; an chaoi ar féidir leis an lucht ardbhainistíochta, tacadóirí CÉ&C, monatóireacht agus tuairisciú, agus conairí dul chun cinn ina bhfuil deiseanna ar fáil do chuile dhuine tacú le héagsúlacht agus cuimsiú.   Agus, ar ndóigh, an ról tábhachtach a bhíonn ag foirne AD maidir lena chinntiú go bhfuil beartas agus próisis fhorásacha AD (lena n-áirítear gearáin agus próisis smachta) i bhfeidhm chun tacú le gach ball foirne. 

Gníomh Rialtas na hÉireann

An mhí seo caite, d’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt An Bille um Cheartas Coiriúil (Gríosú chun Foiréigin nó Fuatha agus Cionta Fuatha 2022 (nasc seachtrach) , nuair a thug an Chomh-Aireacht faomhadh don reachtaíocht.  Táthar ag súil leis go ndéanfar dlí den reachtaíocht nua seo a bhfuil sé mar aidhm aici dul i ngleic le coir fuatha agus le fuathchaint roimh dheireadh na bliana.

Plean Náisiúnta Frithchiníochais á chríochnú ag rialtas na hÉireann, faoi stiúir na Roinne Comhionannais agus Leanaí.  Thug poistphoiblí freagra mar chuid den chomhairliúchán ar an bPlean sin an samhradh seo caite, inar leagadh béim ar chuid den obair atá á déanamh againn chun cloí lenár ngealltanais i dtaca le héagsúlacht a chur chun cinn agus i dtaca le próisis ionchuimsitheacha agus chothroma a fhorbairt, mar fhostóir agus mar earcaitheoir, de réir mar a leagtar amach inár straitéis CÉ&C.

Beidh bearta le cur i bhfeidhm againn, cosúil le gach roinn rialtais agus eagraíocht earnála poiblí eile, faoin bPlean Náisiúnta seo chun a chinntiú go dtéimid i ngleic le  gach cineál ciníochais agus  leithcheala san ionad oibre, le chéile mar earnáil.  Tagann na bearta seo leis na bearta ar a bhfuilimid ag obair cheana féin faoi Straitéis an Rialtais maidir hImeascadh na nImirceach (2017-21). Tagann an ghníomhaíocht seo go díreach lenár bpríomhluachanna, .i. cuimsiú, ceannaireacht agus nuálaíocht, agus tabharfaidh sí tacaíocht do na gealltanais atá leagtha amach inár straitéis NUA agus inár straitéis CÉ&C i dtaca le próisis agus hionaid oibre ionchuimsitheacha a chruthú, inar féidir le gach fostaí fás, is cuma cén cúlra atá acu.

Níl plean náisiúnta cosúil leis seo i bhfeidhm ach in dá thír eile san AE, an Ghearmáin agus an Ísiltír, rud a léiríonn go bhfuil rialtas na hÉireann réamhghníomhach agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an gceist thábhachtach seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil: