Léiríonn NUA26 torthaí an chleachtaidh anailíse timpeallachta a rinneamar, torthaí na teagmhála a bhí againn lenár gcliaint, ár n-iarrthóirí, agus ár mbaill foirne agus torthaí an chomhoibrithe a rinneamar le Bord na SCP.
Ag croílár NUA26, tá ár dtiomantas maidir le barr feabhais san earcaíocht agus maidir le torthaí a sholáthar dár gcliaint agus dár n-iarrthóirí. D’éisteamar leis an aiseolas a fuaireamar ónár gcliaint agus ónár n-iarrthóirí, agus chuireamar an t-aiseolas seo san áireamh inár dtosaíochtaí straitéiseacha do na trí bliana atá amach romhainn.
Táimid sásta go gcinnteoidh ár straitéis go mbeimid freagrach agus go spreagfaidh sí muid chun dul i ngleic leis na dúshláin sa domhan mórthimpeall orainn, a bhíonn ag síorathrú, trí fheabhas leanúnach a chur ar ár bpróisis agus trí bheith solúbtha chun freastal ar riachtanais ár gcliant agus ár n-iarrthóirí, a bhíonn ag síorathrú.
Díreoimid ar thrí phríomhghné chun an straitéis NUA26 a sholáthar:
Barr Feabhais san Earcaíocht a Sholáthar:
Tá daoine ag croílár ár ngnó agus tá sé mar thosaíocht againn seirbhís éifeachtach, phras den scoth a chur ar fáil dár gcliaint agus iarrthóirí cumasacha a earcú chun tacú le seirbhís phoiblí ina bhfuil éagsúlacht le brath. I dtimpeallacht iomaíoch, aithnímid an gá lenár gcóras earcaíochta a neartú agus a fhorbairt chun gur féidir linn freastal ar riachtanais ár gcliaint agus ár n-iarrthóirí, a bhíonn ag síorathrú.
Ár nDaoine, ár nEagraíocht agus ár gCultúr a Fhorbairt:
Tuigimid an luach a bhaineann le cultúr san ionad oibre a léiríonn ár luachanna, .i. barr feabhais, nuálaíocht, iontaoibh, ceannaireacht, béim ar an gcustaiméir agus cuimsiú. Má dhéanaimid forbairt ar ár gcumas a bheith dírithe ar an gcustaiméir, ar thorthaí agus glacadh le hathruithe, beimid réidh le dul i ngleic le dúshláin an lae inniu agus le dúshláin a thiocfaidh chun cinn amach anseo.
Barr Feabhais a Chur Chun Cinn:
Ag oibriú go dlúth lenár bpáirtithe leasmhara, tá sé mar aidhm againn nuálaíocht a chur chun cinn ar bhealach comhoibríoch agus ár spriocanna comhroinnte don todhchaí a bhaint amach. Le chéile, táimid tiomanta do chonstaicí a bhaint, go háirithe do ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht, agus do chur chuige solúbtha a chur i bhfeidhm chun iarrthóirí éagsúla agus cumasacha a mhealladh agus a choinneáil.
Tuigimid tábhacht na fadbhreathnaitheachta agus an tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as ár ngréasáin chun a bheith ar an eolas faoin margadh fostaíochta, faoi threochtaí earcaíochta, agus faoi riachtanais scile a bhíonn ag síorathrú. Cinntíonn sé seo go bhfreastalaíonn ár bpróisis ionchuimsitheach earcaíochta agus mheasúnaithe ar riachtanais an lucht saothair a bheidh ann amach anseo.
Agus tús á chur againn leis an aistear seo, iarraimid ar ár gcomhghleacaithe, ár gcliaint, ár n-iarrthóirí, ár gcomhpháirtithe, agus ár bpáirtithe leasmhara uilig tacú linn an fhís a leagtar amach in NUA26 a bhaint amach. Le chéile, rachaimid i bhfeidhm ar an todhchaí agus cinnteoimid go mbeidh sí níos gile agus níos fearr ná riamh.