1. Seirbhísí a Soláthraíodh don Phobal
Sholáthair PAS na Seirbhísí seo:
- Earcaíocht oscailte do phoist sa Státseirbhís agus do chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile;
- Earcaíocht oscailte do phoist áirithe sna hÚdaráis Áitiúla, FnaSS, Údaráis Cuain, Boird Iascaigh agus Coistí Oideachais agus Oiliúna;
- Iarrthóirí a roghnú d’ardú céime laistigh den Státseirbhís tré thrialacha roghnaithe idir-rannacha agus agallaimh ina bhfuil iomaíocht,
- Cuidiú a thabhairt d’eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí maidir le hearcaíocht oscailte (m.sh. An Garda Síochána, Ionad Gairmeacha d’Altraí);
- Cuidiú le Coiste na gCeapachán Ardleibhéal maidir le ceapacháin a dhéanamh sa Státseirbhís;
- Iarratais ar bhallraíocht ar bhoird stáit a bhainistiú.
2. Conas is Féidir Teacht ar Sheirbhísí dá Leithéid
Tá foirmeacha iarratais agus leabhráin eolais ar fáil ar líne do gach comórtas a reáchtálann PAS (ar publicjobs.ie nó stateboards.ie, más cuí) chomh luath agus a fhógraítear an comórtas.
Fógraítear sonraí teagmhála do chomórtais ar leith ag an staid seo. Is féidir le baill den phobal iarratas a dhéanamh ar chomórtas ar bith a reáchtálann PAS má chomhlíonann siad na riachtanais cháilitheachta.
3. Cé Mhéad a Chosnaíonn sé Teacht ar Sheirbhísí
Níl aon táille nó costas i gceist le bheith páirteach i gcomórtais a reáchtálann PAS.
4. Seirbhísí dá Leithéid a Riar
Reáchtáiltear comórtais de réir Chóid CCSP/Treoirlínte PAS (más cuí) agus de réir na bpróiseas d’earcaíocht agus roghnú inmheánach.
5. Cearta Athbhreithnithe nó Achomhairc
GEARÁIN AGUS IARRATAIS AR ATHBHREITHNIÚ FAOI ALT 7 AGUS 8 DEN CHÓD CLEACHTAIS
Déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí iarratais ar athbhreithniú a mheas de réir fhorálacha na gCód Cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is féidir le hiarrthóir athbhreithniú a lorg ó dhuine san fhoras earcaíochta (céad athbhreithnitheoir). Sa chás go bhfuil iarrthóir fós míshásta tar éis an chéad athbhreithnithe, is féidir leis/léi iarratas a dhéanamh, go scrúdóidh an “t-eadránaí cinnidh” iompar an chéad athbhreithnithe. Tá na Cóid Chleachtais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ag www.cpsa.ie.
GEARÁIN AGUS IARRATAIS AR ATHBHREITHNIÚ FAOI NA TREORACHA DO CHEAPACHÁIN DO PHOIST NACH DTAGANN FAOIN ACHT UM BAINISTÍOCHT SEIRBHÍSE POIBLÍ (EARCAÍOCHT AGUS CEAPACHÁIN) 2004
Déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí iarratais ar athbhreithniú a mheas de réir na dtreoirlínte mar atá leagtha amach ag http://www.publicjobs.ie/ga/cad-a-dheanaimid.
DÉILEÁIL LE GEARÁIN NA GCUSTAIMÉIRÍ MAIDIR LE SEIRBHÍS A SHOLÁTHAR
Tá sé mar aidhm againn seirbhís den scoth a chur ar fáil dár gcustaiméirí ar fad. Má tá tú míshásta, ar chúis ar bith, le gné ar bith den tseirbhís a chuireann PAS ar fáil duit, iarraimid ort an t-ábhar a chur faoi bhráid an aonaid nó an bhaill foirne i gceist. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí amhlaidh de bhrí go gcinntíonn sé go bhfuil muid ar an eolas faoin bhfadhb agus gur féidir gníomhú chun an scéal a leigheas.
Murar féidir déileáil leis an ghearán láithreach cuirfimid freagra chugat taobh istigh de seacht lá oibre ón lá a fhaightear an gearán. Murar féidir an dáta deiridh seo a shárú, cuirfidh PAS thú ar an eolas maidir le dul chun cinn sa chás agus tabharfaimid dáta comhlíonta duit.
Má tá tú míshásta leis an fhreagra is féidir leat do ghearán a chur chuig an Oifigeach Gearán/Fiosrúchán agus gheobhaidh tú freagra uaidh taobh istigh de seacht lá oibre.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gearán ag nó 01 8587728 nó
Má tá tú míshásta fós tar éis duit freagra a fháil ón Oifigeach Gearán, déan teagmháil dhíreach leis an Oifigeach Gearán arís agus is féidir an cheist a phlé leis chun an fhadhb a réiteach.
Is féidir le custaiméirí gearán a dhéanamh leis an Ombudsman am ar bith. Gníomhaíocht neamhspleách is ea Oifig an Ombudsmain a bunaíodh le gearáin ón phobal atá míshásta leis an tseirbhís a fuair siad ó eagraíocht san earnáil phoiblí a fhiosrú.
DÉILEÁIL LE GEARÁIN CHUSTAIMÉIRÍ MAIDIR LE hINROCHTAINEACHT - An tACHT MÍCHUMAIS 2005
Tá sé mar aidhm againn seirbhís den scoth a chur ar fáil dár gcustaiméirí ar fad. Má tá tú míshásta, ar chúis ar bith, le gné ar bith den tseirbhís a chuireann PAS ar fáil duit, iarraimid ort an t-ábhar a chur faoi bhráid an aonaid nó an bhaill foirne i gceist. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí amhlaidh de bhrí go gcinntíonn sé go bhfuil muid ar an eolas faoin bhfadhb agus gur féidir gníomhú chun an scéal a leigheas.
Murar féidir déileáil leis an ghearán láithreach cuirfimid freagra chugat taobh istigh de seacht lá oibre ón lá a fhaightear an gearán. Murar féidir an dáta deiridh seo a shárú, cuirfidh PAS thú ar an eolas maidir le dul chun cinn sa chás agus tabharfaimid dáta comhlíonta duit.
Má tá tú míshásta leis an fhreagra is féidir leat do ghearán a chur chuig an Oifigeach Gearán/Fiosrúchán agus gheobhaidh tú freagra uaidh taobh istigh de seacht lá oibre.
Má tá tú míshásta fós tar éis duit freagra a fháil ón Oifigeach Gearán / Fiosrúchán, deán teagmháil dhíreach leis an Oifigeach Gearán / Fiosrúchán arís agus is féidir an cheist a phlé leis chun an fhadhb a réiteach.
Cuirfear tuairisc faoi do ghearán agus ar cibé socruithe atá á gcur i bhfeidhm chun déileáil leis na ceisteanna a tháinig chun cinn dá bharr, chuig an bPríomhfheidhmeannach mar chuid den phróiseas.
Is féidir le custaiméirí gearán a dhéanamh leis an Ombudsman am ar bith. Gníomhaíocht neamhspleách is ea Oifig an Ombudsmain a bunaíodh le gearáin ón phobal atá míshásta leis an tseirbhís a fuair siad ó eagraíocht san earnáil phoiblí a fhiosrú.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gearán/Fiosrúcháin ag
6. Tionscadail Taighde a Rinneadh
Tá gach tuairisc faoi thaighde a rinne PAS ar fáil ag:www.publicjobs.ie/ga/an-fhoireann-bhainistiochta