Conas iarratas a dhéanamh
Tá roghanna éagsúla ann do chéimithe agus do dhaoine a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal acu, sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí. Orthu siúd tá poist mar Oifigeach Riaracháin (OR), Oifigeach Feidhmiúcháin (OF), poist speisialtachta agus ghairmiúla m.sh. Staitisteoirí, Eacnamaithe, Innealtóirí, Iniúchóirí srl agus róil nua do chéimithe i Rialtas Áitiúil. Meallann na feachtais do chéimithe a lán iarrthóirí ar ardchaighdeán agus dá bharr sin próiseas an-iomaíoch atá ann agus is féidir go mbeadh roinnt staideanna i gceist mar atá leagtha amach thíos in Ár bPróiseas.
Tá muid ag lorg na ndaoine is fearr agus ba mhaith leis na heagraíochtaí earcaíochta an tSeirbhís Phoiblí a thógáil agus a athnuachan. Chun na hiarrthóirí is fearr a shainaithint iarraimid ar iarratasóirí dul trí phróiseas iarratais agus measúnaithe atá dian ach cothrom agus trédhearcach. Níl aon amhras ach go bhfuil sé dian ach is léir ó na sár-dhaoine a thagann chun cinn sa phróiseas chun tús a chur lena ngairm nó lena ngairm a fheabhsú trí phost a thógáil sa tseirbhís phoiblí, go bhfuil ag éirí leis. Déanaimid gach iarracht tú a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn tríd ár seirbhís teachtaireachtaí ar publicjobs.ie agus tríd ár bhfoireann ar leith anseo sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Ní mór iarratas a dhéanamh ar líne tríd www.publicjobs.ieCinntigh go gcomhlíonann tú gach cuid den fhoirm iarratais.
Sula ndéantar iarratas ba chóir d'iarrthóirí logáil isteach ar www.publicjobs.ie agus mura bhfuil sé déanta cheana, ní mór duit clárú mar 'Úsáideoir Nua' (cláraigh cuntas nua). Bí ar d'aire nach ionann clárú (próifíl a chruthú) agus iarratas a chur isteach. Nuair atá próifíl cruthaithe agat ní mór duit an fhoirm iarratais a fháil, a chomhlíonadh agus a chur isteach.
Chomh luath agus a chuireann tú d'fhoirm iarratais isteach moltar duit filleadh ar do chuntas le publicjobs agus a chinntiú go bhfuil sé curtha faoi bhráid tríd M'Iarratais.
Cuirfear eolas nua faoi fheachtais ar chlár na dteachtaireachtaí ar publicjobs.ie tar éis gach staid den roghnú. Moltar duit féachaint ar do Bhord Teachtaireachtaí go rialta. Bí ar d'aire gur féidir go rachadh fógraí ríomhphoist de nuashonruithe/trialacha ar do Bhord Teachtaireachtaí chuig na fillteáin Dramhaíola / Turscair ríomhphoist. Moltar duit féachaint ar na comhaid seo go minic.
{slider title="Ár bProiseas" class="icon"}
Cliceáil ar an nasc 'Cláraigh' thíos agus cruthaigh do phróifíl féin.
Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad.
- Breathnaigh agus déan iarratas ar líne do dheiseanna poist
- Chomh luath is atá tú cláraithe coinneofar do shonraí agus cuirfear san áireamh thú d'iarratais poist amach anseo
- Féach ar stádas aon fheachtais ar chuir tú isteach air.
Chomh luath agus a chláraíonn tú agus a osclaíonn feachtas a mbeadh suim agat ann, mar shampla OF nó OR sa Státseirbhís, is féidir go mbeidh na príomh-ghnéithe seo i gceist:

Níl an t-eolas thuas iomlán cruinn mar go mbíonn difríocht idir na feachtais, foilseofar na céimeanna i ngach feachtas sna Leabhráin Eolais ar leith. Féach air seo don phróiseas ar leith.
{slider title="Príomh-Leideanna" class="icon"}
Lena chinntiú go ndéanann tú an chúis is fearr sa phróiseas measúnaithe, tá sár-ionad comhairle againn chun cabhrú leat. Tugann an t-ionad comhairle agus treoir duit faoi ghairmeacha in earnálacha éagsúla poiblí agus faoi mhodhanna éagsúla maidir le hiarratas a dhéanamh. Tá eolas faoi thrialacha roghnaithe agus faoi chomhaire faoi agallaimh ar fáil go héasca san ionad comhairle. Molaimid duit féachaint ar an eolas agus an treoir úsáideach sna réimsí seo:
{slider title="Dátaí Tábhachtacha" class="icon"}
Cuirfimid eolas ar fáil faoi imeachtaí, dátaí agus deiseanna tábhachta nuair a tharlaíonn siad, dá bhí sin coinnigh súil ar an eolas is déanaí atá ar fáil ag Nuashonruithe Feachtais agus Nuacht agus Eachtraí is Déanaí.
San eolas a thabharfaimid duit beidh sonraí faoi fheachtais nua nó a tharlóidh gan mhoill do chéimithe, láithreoireachtaí suimiúla nó tráthnónta oscailte a d'fhéadfadh a bheith ar siúl nó faoi aon eachtra nó dul chun cinn a bhaineann le gairmeacha sa tseirbhís phoiblí.
Idir an dá linn bí cinnte go bhfuil tú cláraithe ar publicjobs.ie agus gur chláraigh tú do fhógraí do Dheiseanna do Chéimithe lena chinntiú go gcuirtear eolas chugat nuair a fhógraítear na feachtais chuí.